Friday, August 11, 2006

Trasna theorainn na teanga: Mirko Bonne



Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch nuair a shroicim amharclann an Project Arts. Tá cruinniú agam le fear beag cúthail ach fíorchairdúil atá tar éis taistil don chéad uair ó Éirinn chun léacht a thabhairt ag Féile na Scríbhneoirí, Baile Átha Cliath. Léacht a bhaineann lena aistriúchán ón nGaeilge. Is é an file iomráiteach ón nGearmáin é, Mirko Bonné. Cé nach bhfuil an t-ainm sin ro-aitheanta sa domhan sacs-Bhéarla, bhain sé clú agus cáil amach sa Ghéarmáin mar fhile liricí, mar úrscéalaí agus mar aistritheoir. Rugadh Mirko sa bhliain 1965 i dTegernsee i ndeisceart na Baváire, agus tá cónaí air faoi láthair i Hamburg. D’aistrigh sé saothair de chuid Keats, Yeats agus E.E Cummings. Tá trí chnuasach foilsithe aige, arb é Hibikus Code (2003) an ceann is deireanaí acu. Bhuaigh cnuasach leis duais na nuafhilí óga de chuid an Leonce-und-Lena Preis sa bhliain 2001. Bronnadh Duais Ernst Willner air ag comórtas Ingeborg Bachmann sa bhliain 2002 agus fuair sé duais speisialta do luathiarracht filíochta ag duaiseanna Ealaíne Bheirlín sa bhliain 2004. D’aistrigh Bonné roinnt dánta de chuid Nuala Ní Dhomhnaill i bhFéile Filíochta Bheirlín in 2004 ag ceardlann filíochta ag ar oibrigh filí Gaeilge, ina measc Micheal Davitt, Biddy Jenkinson, Gréagor Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock i dteannta le filí Gearmáinise, ina measc siúd, Barbara Kohler, Dorothea Grunzweig, Monika Rinck, Maja Hadelap agus Armin Senser agus Mirko Bonné.

Inár suí i gcúinne deas comporach i gcaife i mBarra an Teampaill, fiafraím de faoi na caidrimh stairiúla cultúrtha idir Éirinn agus an Ghearmáin agus faoin gcineál dearcaidh a bhí ag na Gearmánaigh sa naoú haois déag maidir le hÉirinn agus a ndearcadh i láthair na huaire. ‘Sílim go raibh an-díograis ag na Gearmánaigh in Éirinn go dtí an fichiú haois déag le Heinrich Boll toisc go raibh Éire ina seantír chultúrtha, stairiúil. Ach bhí sé dothuigthe do na Géarmánaigh conas gur féidir le tír ar imeall na hEorpa a bheith faoi bhochtanas neamhthuillte. Bhí siad ag iarraidh fáil amach conas gur féidir le tír chomh neamspleách agus saibhir ó thaobh cultúir de, a bheith chomh bocht. Conas gur féidir sin a bheith fíor agus conas gur féidir é a leighis. Is dócha gur bhain cuid mhór dár suim le Meiriceá freisin. Nuair a smaoiníonn tú ar chomh tábhachtach is atá cúltúr na hÉireann do chultúr na Stát Aontaithe. Rud a chuireann iontas orm i gcónaí ná an fuaimniú anseo. Tá an fuaimniú anseo i bhfad níos cóngaraí don fhuaimniú Meiriceánach agus is dóigh liom gurb é an fuaimniú anseo bunús an fhuaimnithe thall. Agus sa lá atá inniu ann, tá Éire tar éis teacht go lár na hEorpa. Tá sí ar cheann de na tíortha is teicniúla agus is forbarthaí ar domhan. Tá na Gearmánaigh ar an eolas faoi seo agus tá roinnt cairde agam a bhfuil seal caite anseo acu ag obair. Rud eile atá tugtha faoi deara agam ná an neamhspleáchas (Eigenstándigkeit). Tá sé fíor-dhifriúil.’

Míním dó an chaoi a bhfuil tionchar na Gaeilge le cloisteáil ar ár gcanúint Bhéarla-Ibeirneach agus ansin pléimid litríocht na hÉireann. De bharr gur ‘Bloomsday’ atá ann, tá Joyce dosheachanta, agus sa bhliain seo Beckett, ar ndóigh. Tá Bonné den tuairim go bhfuil géarchéim de chineál in amharclann na Gearmáine faoi láthair. ‘Ní dóigh liom go bhfuil morán suime i Beckett sa Ghearmáin faoi láthair. Ach bhí sé tábhachtach dom féin i gcónaí. Tá amharclann na Gearmáine ag éirí níos brúidiúla, níos airde, agus níos gáifí an t-am ar fad. Ach tá sé gan chiall. Tá sí ag cailliúint teagmhála leis an domhan eachtrach. Faoi láthair tá borradh le feiceáil sna scannáin Ghearmáinise agus is dócha go bhfuil baint aige sin leis chomh maith. Tá géarchéim den chineál céanna ag tárlú sna liricí freisin. Feictear níos lú cnuasach filíochta á gcur i gcló. Tá sé deacair.’

Ag ól ár gcaife ar ár sáimhín só, pléimid mionphointí na n-aistriúchán a rinne sé ar Ní Dhomhnaill, mar aon le filíocht agus aistriúcháin Rosenstock, agus tosaímid ansin ag caint faoi na scríbhneoirí is tábhachtaí dó. Is iad siúd Georg Trakl agus Albert Camus. Aontaíonn sé liom nuair a luaim an phatuaire a bhraitheann tú sna chéad leathanaigh den urscéal L’Étranger de Camus. Fiafraím de an dóigh leis go bhfuil tionchar ag Camus ar a chuid scríbhneoireachta féin - ‘Tá cinnte. Is breá liom an chéadfacht. Tá L’Étranger ina shaothar máistriúil cé go bhfuil an chéad leath níos láidre ná an dara leath. Is ea La Peste an leabhar de chuid Camus is fearr liom.’
Nuair a fhiafraím de faoin údar is tábhachtaí dó i litríocht na hÉireann, mothaím amhail is go bhfuil anam Uí Sheoighe féin i láthair ár gcomhrá an Bloomsday álainn seo.
‘Joyce gan amhras. Chuaigh Dubliners go mór i bhfeidhm orm. Tá gach líne lán de bhrí agus tá an reacaireacht foirfe. Ní féidir leat é a shárú mar chnuasach gearrscéalta.’
An dóigh leis go bhfuil Baile Átha Cliath mar phríomhchathair litríochta na hEorpa? ‘Nílim cinnte faoi sin. Ach an t-aon rud atá soiléir dom ná go bhfuil fílíocht áirithe ag baint leis an gcathair seo. Ach sílim go dtagann sé sin as na daoine. Ní fhaca mé a leithéid de chairdiúlacht agus de mhuintearas riamh.’
Is cinnte go bhfuil cluas iontach ag Bonné do ghnáthchaint nó ‘Umgangsprache’ na ndaoine. Scríobhtar sa leabhar ‘Verschmuggel’ ‘is fíor-éacht an chaoi a n-éiríonn leis teannas rúnda a chruthú ina chuid dánta, sé sin i mbeagán focal ach le friotal beacht a chuireann truamhéala gnátheachtraí laethúla in iúl.’ Is léir ó aistriúcháin Bonné agus na bhfilí go léir, idir Ghaeil agus Ghearmánaigh, sa chnuasach seo gur fiú go mór an malartán smaointe agus fuaime atá ar fáil sa leabhar spéisiúil seo. Tá urscéal eisíoch nua darb ainm Der Eiskalte Himmel (an Spéir chomh fuar le hOighear) foilsithe aige i mbliana.

No comments: