Friday, August 11, 2006

Cruthaíonn siad fásach agus tugann siad síocháin uirthi


Ní féidir na híomhánna uafásacha ón Liobáin a chonaiceamar le déanaí a léiriú. Cé go bhfuilimid cineál clóite le foréigean ar scála mór seo ó thosaigh an cogadh san Iaráic. Ní chuireann an t-uafás siúd isteach orainn faoi láthair sa chaoi chéanna os rud é go dtarlaíonn sé sin beagnach gach lá. Anois, ta cogaíocht ag leathnú fud fad an mhéain oirthir ón Liobáin go dtí an tSomáil. Ón bPacastáin go dtí an Indinéis agus ní léir go dtiocfaidh aon sos cogaidh nó réiteach cuimsitheach, polaitiúil choíche. Cogadh ollmhór buan atá i gceist anseo. Sna céadta bliain amach romhainn (más féidir a ghlacadh go mbeidh domhan ann!) beidh na scoláirí á maíomh gur thosaigh an Tríú Cogadh Domhanda le hionsaithe Mheán Fómhair 11 2001. An dáta deiridh? Doráite. Is cosúil go dtarlóidh tubaistí timpeallachta ollmhóra ar aon chaoi. Cuir sé sin san áireamh le cogaíocht ag leathnú agus ag éirí níos measa achan lá, gorta mór ag bagairt níos minicí san Afaric, agus galair mharfacha ag leathnú chomh maith, agus d’fhéadfá a áiteamh go bhfuilimid ag druidim le deireadh, b’fhéidir níos tapúla ná mar a shíleamar.

Religio peperit scelerosa atque impia facta’ cruthaíonn reiligiúin ainghníomhartha agus éachtaí neamhchráifeacha.


Ó bunaíodh stát Iosrael i 1948, tá an meán oirthir sáite i gcogaíocht. Ní raibh aon phlean riamh ag na cumhachtaí móra, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, conas a n-éireodh leo teacht ar réiteach leis na Palaistínigh agus coras dlíthiúil, cothrom a chur i bhfeidhm. Ba í an fhealsúnacht a bhí ann ná go raibh an talamh tuilte ag na Zionists de bharr gur dhúirt Yahwee (Dia thar a bheith foréigeanach agus cruálach, caithfear a admháil) go bhfuil sé de cheart ag na Giúdaigh an talamh a thógáil dóibh féin agus na h-áitritheoirí a bhrú amach. Níl mé ag iarraidh a rá nach raibh cás práinneach, éisceachtúil ag na Giúdaigh san Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Tá fulaingt na nGiúdach san Eoraip ar eolas ag beagnach gach duine. Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil se de cheart acu an t-uafás agus an fhulaingt a chruthú do dhream neamhchiontach eile, feirmeoirí agus mangairí don chuid is mó a chaill talamh, dínit agus dóchas. Daoine gan chead taistil, gan stát, gan obair, gan sholáthar uisce fiú amháin. Cearta daonna bunúsacha a d’eascair as na hainghníomhartha a rinneadh sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda go háirithe i gcoinne na ndaoine siúd atá ag tacú le Fórsaí Slándála Iosrael ina chuid ionsaithe sa Liobáin anois.

Is cuimhin liom oíche éigin a chaith mé in árasán i mBeirlín. Bhí beirt Phalaistíneach ina gcónaí ann. Bhí fís bholscaireachta de Hamas acu agus bhí orm roinnt ionsaithe míleata i gcoinne saighdiúirí Iosrael a fhéachaint sula ndeachaigh mé. Le meangadh brodúil ach fiordholásach ag an am céanna, dúirt an garsún liom gurbh é sin comhthéacs a shaol sa Bhruach Thiar ó dúirt a athair leis i 1982 nuair a bhí sé ina leanbh go raibh sé ag dul chun na Liobáine le troid i gcoinne Iosrael. Bhí sé soiléir dom ar an mbealach abhaile an oíche sin nach raibh aon tuiscint cheart again san Eoraip ar sháinn na bPalaistíneach. Bhíos in ann an comhthéacs, teannasach, as cuimse a bhrúnn daoine chun ionsaithe féinbhásaithe a shamhlú don chéad uair.

Le himeacht gach lá is níos cosúla a éiríonn Uachtarán na Stát Aontaithe le Caligula fadó. Ó tháinig sé i gcumhacht, tá deireadh tagtha le cumhacht agus le tábhacht na Náisiún Aontaithe, le prionsabail an daonlathais agus cearta daonna. Níl aon dlí idirnáisúnta ann a thuilleadh. Is é Lex Americana an t-aon dlí atá i bhfeidhm. Sa Le Monde le déanaí dúirt Uachtarán na Fraince, Jacques Chirac, go raibh sé práinneach sos cogaidh a fháil, foireann taidhleoireachta a chur le chéile agus fórsa idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm sa cheantar. Ach ardaíonn sé sin an cheist cen fáth nach féidir leis an Aontas Eorpach aon bhrú réadúil a chur ar na Stáit Aontaithe chun deireadh a chur lena ‘gcaidreamh speisialta’ le hIosrael agus an bealach taidhleoireachta a leanúint. Cen fáth nach bhfuil sé i gceist fórsaí na Náisiún Aontaithe a chur sa Stráice Gaza? Tá díothú rúnda ag leanúint ar aghaidh ansin faoi láthair chomh maith.

Ba ea Lucretius, an file a rinne an cur síos is fearr ar sháinn an duine daonna nuair a scríobh sé ‘Religio peperit scelerosa atque impia facta’ cruthaíonn reiligiúin ainghníomhartha agus éachtaí neamhchráifeacha. Léiríonn stair an domhain an fhiric shimplí sin. An rud is mó a léiríonn stair an domhain dúinn ná nach bhfoghlaimeoimid tada ó stair, go leanfaidh na hainghníomhartha ar aghaidh, go scriosfaimid réasún, agus go scriosfaimid ár dtimpeallacht. Ní mhairfidh an duine daonna go síoraí mar níl sé tuillte aige. Agus i gclapsholas ár marthana giorra crua, is é an t-aon dóchas atá againne ná easpa fulaingte, ach ní thagann sé sin ach sa deireadh. Bíonn súil ag gach éinne dul chuig an mbás le dínit, ach uaireanta, ag brath ar an áit a bhfuil cónaí ort, tagann an bás chugat in ainm fuilteach ‘an daonlathais’, ‘na saoirse’ agus ‘na síochána’. I bhfocail Tacitus, ‘cruthaíonn siad fásach agus tugann siad síocháin uirthi’.


Foréigean - violence
réiteach cuimsitheach - comprehensive settlement
cogaíocht - warfare
dlíthiúil - legal
cothrom -fair
práinneach - urgent
foireann taidhleoireachta - diplomatic team
teannasach - tense
ainghníomhartha - atrocities
Achoimre

The crisis in the Middle East leaves neither hope for the region nor for mankind in general. The prognosis is brutal, protracted warfare where the innocent must, as always, pay the ultimate price. The production of weapons of mass destruction running on drying up fossil fuels that are wrecking the planet, the concomitant spread of disease, poverty and natural disaster, and the flouting of international law belie any notions of human progress. Is this the beginning of the end?




No comments: