Friday, August 11, 2006

Meabhraíocht réabhlóideach beo i gConemara!






Is annamh a ghlacann ealaíontóirí comhaimseartha páirt i ndíospóireachtaí tábhachtacha a bhaineann le stair na tíre nó a todhchaí sa chaoi réadúil gan débhríocht maidir lena bhfealsúnacht nó a ndearcadh polaitiúil. Bíonn daoine áirithe i ndomhan na healaíne ag maíomh nach bhfuil sé ceart ná cóir don ealaíontóir fís pholaitiúil a chur i bhfeidhm ina chuid saothar. Níl aon bhaint, dar leo, idir an ‘polis’ agus an ‘techne’(ealaín) má tá sé sin fíor is ‘politeicneoir’ nó ‘teicnopolitan’ é Caoimhghín Ó Croidheáin. Is í a fhealsúnacht siúd ná go bhfuil nasc doscartha idir an ealaíontóir agus an pobal.

Chun an dearcadh sin a thuiscint go cuimsitheach ba chóir caibidil a trí de Die Phaenomenologie des Geistes le Georg Frederich Hegel a léamh, áit a gcuireann sé síos ar an gcaidreamh inmheánach idir obair agus meabhraíocht sa chaoi is go gcruthaíonn obair marthain eachtrach d’intinn an duine dhaonna. Tríd an obair, an ealaín ársa a rinne an duine daonna riamh, fíoraímid ár meabhraíocht sa mhéid oibiachtúil ach i gcónaí ina measc bíonn meabhraíochtaí eile a ghníomhaíonn ar an domhan, nithe eile a bhfuilimid ag brath orthu chun ár n-eabhraíocht féin a fhíorú; tá an duine daonna doscartha ón tsochaí ina maireann sé. Tá an smaoineamh sin tugtha ón meafar domhain i saothar Hegel, ‘dialeictic an mháistir/ mogh’ ina dtroideann an máistir agus an mogh chun aithne shásúil a bhaint as a chéile. Faigheann an mogh an lámh in uachtar tríd an oibiachtúlacht a thagann as an obair. Faraor, níl an spás agam anseo chun an coincheap casta seo a mhíniú go héifeachtach. I gcúpla focal, is tríd an obair a fhuasclaímid ár bhféidearthachtaí mar ghníomhaithe sóisialacha. Ta sé i gceist ag Ó Croidheáin streachailt na haicme a phéinteáil ó dhearcadh an lucht oibre. Ní he léiriúchán polaitiúil ná polaitíocht an léiriúcháin atá i gceist anseo; ach meabhraíocht an lucht oibre, mar phríomhinneall stair an domhain, agus bunús éigeantach gach sochaí a chur i lár na híomhá, chun meanma a ghríosú agus meabhraíocht réabhlóideach a mhúscailt ionainn. D’eascair fealsúnacht Marx as an mbunsmaointeachas sin, agus is é sin bunchloch thionscnamh Uí Chroidheáin.

Ba ea Micheál Ó Foighil, stiúrthóir Choláiste Lurgan sa Spiddéal a d’iarr ar Chaoimhghín dhá phictiúr a chruthú ina léireofaí go soiléir an dushlán mór cultúrtha atá i ndán dúinn in Éirinn sa todhchaí. Sa bhliain chinniúnach seo, bhí sé tráthúil an nasc agus an chodarsnacht a fheiceáil idir an cinéal dúshláin a bhí ag ceannairí 1916, saoithe, filí agus gaeilgeoirí, a shamhlaigh tír bheo dhátheangach, agus an cineál dúshláin teangeolaíoch atá i ndán don chéad ghlúin eile, glúin ilghnéitheach, ilchultúrtha a mhaireann i gceann de na tíortha is rachmasaí ar domhan. Go deimhin, ardaíonn sé ceisteanna tromchúiseacha faoinár bhféiniúlacht.

Ón meid Gaeilge líofa a bhí á labhairt ag na daltaí sa Choláiste agus an clár teagaisc is cuimsithí dá bhfaca mé riamh, táim an-dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge. Is fear ilghnéitheach, oineachúil é Micheal Ó Foighil, ar éirigh leis níos mó ná 200,000 euro a bhailiú do Goal ina choláiste!
Éacht millteanach, mórchroíúil. Chun an seic a bhronnadh, thug sé cuireadh do Trevor Sargent, Ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Gaeilgeoir an-ghíomhach é Trevor a eagraíonn ciorcal comhrá ina cheantar cónaithe i mBaile Brigín. Ina ráiteas ag an ócáid leag Sargent béim ar thábhacht an lipéid ‘Fair Trade’ agus ar fhealsúnacht an Chomhaontais Ghlais, ‘is í an fhealsúnacht atá ag an gComhaontas Glas ná a bheith ag smaoineamh go domhanda ach ag gníomhú go háitiúil. Tá cumhacht ag gach duine.
Deir daoine liomsa, is polaiteoir tusa, ní polaiteoir mise. Bhuel, ní chreidim é sin. Mar má tá cumhacht agat agus gur féidir leat an chumhacht sin a úsáid ar mhaithe le rud éigin, is polaiteoir tú - is polaiteoir gach duine’ a dúirt sé. Ag seoladh na bpictiúr, dúirt Sargeant leis na daltaí, ‘Tá Caoimhghín tar éis scéal a insint dúinn, agus dúshlán a thabhairt os ár gcomhair - an dúshlán a bhí ann i 1916 nuair a d’éirigh na ceannairí amach, bhí siad ag troid i gcoinne impireacht agus ar son na saoirse. In 2006, tá saoirse againn. Ach tá dúshlán fós againn agus is é sin dúshlán ár dteanga féin. Tá breis is 6 míle teanga fós á labhairt ar domhan agus chun teanga a choimeád beo tá gá le breis is 100 míle duine ag labhairt na teanga sin. De bharr go bhfuil cogadh ar siúl ag na mórteangacha, tá na mionteangacha ag fáil bháis. Dár le taighdeoirí in Ollscoil Indiana, ní bheidh ach 10 faoin gcéad de na teangacha atá beo faoi láthair, fós á labhairt 100 bliain amach anseo. Níl muidne sásta go dtarlódh sé sin don Ghaeilge. Sin an fáth go bhfuil sibhse an-tábhachtach.’

Mar a tharla, ba é Lá na Mara an lá sin agus bhí cártaí speisialta ag Trevor don ócáid. Bhí nóiméad suimiúil ann murach íorónta nuair a chuir sé cheist ar na daltaí an aturnae a ainmniú. Tomás Mac Piaras a bhí i gceist. Chuir Caoimhghín in iúl dó gur de bharr ainm gaelach a bheith ar a thrucailín gur cúisíodh fear i mBaile Átha Cliath, agus gurb é sin an t-aon chás a bhí ag Mac Piaras mar aturnae. Tá amhrán cáiliúil scríofa faoi sin darb ainm ‘An Trucailín Donn’ agus pléann Ó Croidheán an eachtra sin sa leabhar nua a scríobh sé mar thráchtas PhD dar teideal ‘ Language from below’ a fhoilseofar ar ball.
Gluais
ealaíontóirí comhaimseartha - contemporary artists
díospóireachtaí - debates
débhríocht - ambiguity
fealsúnacht - philosophy
dearcadh - attitude, perspective, outlook
ag maíomh - claiming, asserting, declaring
a chur i bhfeidhm- put into effect
nasc doscartha – inseperable link, connection
go cuimsitheach - comprehensively
caidreamh inmheánach - internal relation
meabhraíocht - consciousness
marthain eachtrach - external existence or being
nithe - beings

No comments: