Sunday, June 04, 2006
Beckett: Faoi Scáth 'du gaélique'
Tá sé fíordheacair uaireanta do chuid smaointe a scríobh síos go cruinn agus go ceart. Ach is dúshlán as cuimse é scríobh i dteanga iasachta! B’shin dúshlán a ghlac Samuel Beckett leis nuair a tháinig claochlú air i 1948 agus é ag spaisteoireacht cois fharraige i nDún Laoighaire. Uaidh sin amach, scríobhfadh sé sa Fhraincis. Dá mba rud é go raibh a chaighdeán níos lú ná milisbhriathracht an chainteora dúchais ag an am, bhí a fheasacht, cruinneas agus líofacht sa teanga gan amhras. Ba é an ‘níos lú’ ó thaobh focal agus friotail de an rud a theastaigh uaidh. Ag míniú a chinnte cumadh as Fraincis, dúirt sé ‘parce que c’est plus facile d’ecrire sans style’ - tá sé níos fusa scríobh gan stíl. Stíl shimplí, chruinn gan a bheith iomarcach a bhí á lorg aige. Lena ghraiméar docht, díreach, d’éirigh le Beckett stíl nua avant-garde a chruthú. Le roinnt teangacha ar a thoil aige cheana féin, agus é an-léannta i litríochtaí éagsúla na hEorpa, bhí Beckett sách ilchultúrtha. Ach mar scríbhneoir Éireannach i ndiaidh Joyce agus Synge, bhí brú air a bheith níos réabhlóidí fós ó thaobh friotail agus stíle de. Bhí Beckett den tuairim chéanna le Mangan, Joyce, Synge, Moore agus Douglas Hyde, go raibh Béarla mar theanga thrádáil an domhain tnáite agus folamh. Agus dá dheasca sin, míchuí don litríocht nuálach. Bhí féidearthachtaí eile ag Synge, Moore agus Hyde, áfach, litríocht nua a dhearadh le hathbheochan na Gaeilge. Mar is ghnáth le saoithe Éireannacha, bhí na scríbhneoirí úd ina dteangeolaithe den scoth chomh maith. An difríocht a bhí idir iadsan agus Beckett, áfach, ná gur theastaigh ó Beckett machnamh a dhéanamh ar sháinn ointeolaíoch an duine mar choimhthíoch, deoraí an domhain chrua sa chaoi theibí gan trácht a dhéanamh ar thír nó áit ar leith. Is iad an fhulaingt agus an t-éadóchas na tréithe is suaitheanta i saothair Beckett. Cé go bhfuil sé fíorghreannmhar chomh maith gan amhras, is gáire an éadóchais é i dtólamh.
Go deimhin, feictear tionchar a lán scríbhneoirí Francacha ar a chuid saothar. Go háirithe Louis Ferdinand Celine agus Proust. Chuaigh an leabhar cáiliúil de Celine ‘Voyage au bout de la nuit’ go mór i bhfeidhm ar Beckett, agus d’fhéadfaí a áiteamh go raibh a shaothair féin mar thuras de chineál go deireadh na hoíche. Bhí sé an-tugtha leis an bhfealsamh Gearmánach Schopenhauer freisin agus bhí ardmheas aige ar a chara ó Romáine Cioran, deoraí eisíoch eile a scríobh i dteanga iasachta.
Ach cé go bhfuil sé ceart Beckett a léamh mar scríbhneoir Francach, tá a scríbhneoireacht lán de thagairtí Éireannacha chomh maith. Cuimhnítear dúinn na frithlaochra Molloy agus Malone ar na fánaí a bhíodh ag stácáil bóithre na hÉireann anallód. Sa chaoi sin meabhraítear Ó Conaire dúinn. Ag scríobh sa Fhraincis, bhí sé níos fusa teacht ar na rudaí bunúsacha faoin saol agus faoin mbás ag baint úsáide as buanchruthuithe dúchais chun éifeacht choimhthíoch fhileata a bhaint amach. Dá bhrí sin, bhí sé in ann éalú on ‘Éireannachas’ mar a thuigtear de ghnáth. Ach nuair a fhéachann tú ar na nathanna fileata a chruthaíonn sé sa Fhraincis agus an chaoi a n-aistríonn sé go Béarla nó ‘Hiberno- English’ iad is léir go bhfuil sé ar duine de na filí is éirimiúla dá mhair riamh. Féach ar an gcaoi a n-aistríonn sé an nath seo a leanas go Béarla- Ibeirneach – ‘il y a la de quoi se regalar pendant un moment’ – ‘there’s a thought to be going on with’. Nach ndealraíonn sé go mbeadh fréamh ‘du Gaelique’ taobh thiar de sin?
Lena ghnáthsheilbh theangeolaíoch agus a mhacnamh fealsúnach faoin mbás, tá cosúlachtaí suntasacha idir Beckett agus Ó Cadhain freisin. Sa leabhar ‘Idir an dhá chultúr’ scríobh Declan Kiberd ‘thuig Beckett mar a thuig an Cadhnach agus an Seoigheach go raibh cathú éigin sa Bhéarla don Éireannach ar mhian leis a chuid a rá ar a bhealach neamhleathscéalach féin. B’shin é an chúis gur athraigh sé go Fraincis agus gur cloígh sé leis an Eorpachas.’(p.252).
Cé nach raibh ach cúpla focal Gaeilge ag Beckett, is léir go ngnáthaíonn sí a chuid saothar ina aistriúcháin álainn ón bhFraincis. Cosúil le Joyce agus Synge, bhí cluas iontach aige don nath áirithe sa Bhéarla-Ibeirneach. Léimeann focail Ibeirneacha amach chugat go tobann agus gaireann siad ort mar thaibhse chaillte. D’aithin sé an sprocht agus an doilíos a bhí sna nathanna de bhunús Gaelach, agus sceitseál sé tírdhréach gruama, stéigiúil astu. C’est Gaélique pour moi: Do Beckett tá an ‘Gaélique’ mar chomhartha de gach rud dophollta, doscrúdaithe. Teanga stoite den tír mar chorp marfach gan anam. Ach thar rud ar bith eile, is é ceol binn dólásach na Gaeilge i bhfuath taibhseach an Bhéarla- Ibeirnigh a bhraitheann tú anonn is anall san éadóchas gáireach, faoi scáth na línte agus i dteannas na tosta. Tears and laughter, they are so much Gaelic to me - Watt.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment