Sunday, June 04, 2006

Boozoo! An labhrann tú Ojibwe?



Cé go ndearna na háitritheoirí nua gach iarracht díothú iomlán a dhéanamh ar chultúr agus ar theangacha na mbundúchasach i dtuaisceart Mheiriceá thar na céadta bliain, maireann roinnt teangacha bundúchasacha go fóill. Faraor, tar éis dhaorsmacht tréan na nEorpach, ní fheictear morán bundúchasach ar fud na tíre faoi láthair, agus is fíormhinic a chloiseann tú a dteangacha áille, coimhthíocha. Ach, níl sé sin le rá go bhfuil siad marbh go huile agus go hiomlán. Le roinnt blianta anuas, tá athbheochan cultúrtha agus teangeolaíoch ag tarlú a thugann dóchas don chéad ghlúin eile de chine bundúchasach a dteanga stairiúil, rúndiamhair á coinneáil beo. Cúpla lá tar éis do Metro Éireann a chéad rannán Gaeilge a fhoilsiú, fuair mé ríomhphost ó chainteoir Ojibwe d’ollscoil Minnesota, atá ag obair i mbunscoil anseo in Éirinn. Bhí sí ag iarriadh teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge sa tír seo chun eolas a fháil fúinn agus ár gcuid iarrachtaí ár dteanga agus oidhreacht a chothú agus a neartú. Chas mé léi i gCaifé i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh chun malartán smaointe a dhéanamh le chéile.

Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam faoin teanga siúd roimhe sin, cé is moite den dán cáiliúil de Longfellow, darb ainm Hiawatha. Níor chas mé le bundúchasach ó thuaisceart Mheiriceá riamh cheana, seachas fánaí amháin i mBeirlín blianta ó shin, a bhí as a mheabhair ar chóicín! Is comhartha géar i leith na mbundúchasach é an drochchlú atá ar an bhformhór acu mar gheall ar na fadhbanna drúgaí agus alcóil, mar aon leis an míshásacht, an coimhthiú agus an díshealbhú a bhraitheann siad ina dtír féin.

Is í Ojibwe ceann de na teangacha a thugtar ‘Algonquioch’ orthu. Sa lá atá inniu ann, tá beagnach 50,000 cainteoirí fágtha i dtuaisceart na Stát Aontaithe agus i ndeisceart Cheanada. Tugann na caointeoirí dúchasacha, ‘Anishabe’ uirthi, a chiallaíonn ‘bundúchasach’. Tá cúpla treibh eile freisin, na Saulteaux agus na Mississauga, is fo-threibheanna Ojibwe iad. An t-aon rud a thug mé faoi deara faoi Michelle ná a hainm Francach, “bhí comhthuiscint áirithe, caidreamh speisialta de chineál idir roinnt treibheanna bundúchasacha agus na Francaigh mar gur thaobhaigh siad leo i gcoinne na Sasanach. Bhí na Francaigh níos báúla do na bundúchasaigh ná na Sasanaigh. Is dócha gur mhothaigh siad mar mhionlach ar nós muidne, de bharr tromlach na Sasanach mar a bhí san ochtó haois déag. Sin an fáth go bhfuil ainmneacha Francacha an-choitianta i measc na mbundúchasach” a dúirt sí liom.

D’iarr mé uirthi faoi dhearcadh rialtas na Stát Aontaithe faoi láthair maidir le todhchaí Ojibwe, an gcuireann siad deontais ar fáil chun an teanga a spreagadh nó a shábháil fiú.
“Ní fhaigheann muid aon chabhair ón rialtas. Gach rud atá déanta againn ar son athbheochan Ojibwe, rinneamar inár n-aonar é. Ní chuireann rialtas na Stát Aontaithe aon spéis i gcúrsaí teangacha. Tá trí ‘thumscoil’ (immersion schools) againn faoi láthair i Minnesota, Wisconsin, agus North Dakota, ach ní bhfuaireamar aon tacaíocht nó misneach ón rialtas. Leis an bhfírinne a rá, muidne an chéad ghlúin a bheith oide ag an tríú leibhéal agus táimid bréan den bholscaireacht chéanna a fhaigheann muid ar scoil faoi thírghrá agus mar sin de. Is dócha go bhféadfaí a rá go dteastaíonn uainn an fhírinne a fháil amach faoinár stair fhéin, ár gcultúr, ár bhfealsúnacht. Táimid sa tóir ar an bhfírinne faoin tír a dtugtar Meiriceá uirthi, agus táimid ag iarraidh teagmháil a dhéanamh lenár bhfréamhacha. Tá níos mó i gceist i Meiriceá ná dearcadh nualiobrálach agus cogadh domhanda”.

Rud a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá teanga agus an caidreamh doscartha idir smaointe agus focail ná graiméar Ojibwe.Tá idirdhealú idir focail bheo agus focail neamhbheo i structúr na gramadaí fhéin. Tá ainmneacha beo agus ainmneacha neamhbheo chomh maith le briathra beo agus neamhbheo. Mar sin, tá sé fíordhifriúil ó struchtúir na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá níos mó leabhar á bhfoilsiú sa teanga faoi láthair ná riamh, agus tá roinnt leabhar ar fáil ar an Idirlíon. Cosúil le hÉirinn, tá an teanga scríofa ar fud fad na tíre i Meiriceá agus ní bhíonn a fhios ag tromlach na ndaoine cad is brí le formhór na logainmneacha. Cur i gcás, Chicago a chiallaíonn ‘tír na n-oinniún fiáin’ nó Mississippi – An Abhainn Mhór, nó Milwaukee - An Talamh Slán. Má theastaíonn uaibh seal a chaitheamh ag machnamh i measc na mbundúchasach agus ag déanamh teagmhála le Gichi-Manidoo (An tAnam Mór), is féidir dul chuig na ‘tumchampaí’ (immersion camps) ar feadh cúpla mí. Cé go bhfuil an-chuid den bhéaloideas agus den mhiotaseolaíocht caillte i rith na mblianta, toisc nár scríobhadh na scéalta síos, tá roinnt leabhar suimiúil ar fáil ar an Idirlíon a thugann léargas dúinn ar shaol agus ar chultúr Ojibwe mar ‘Living our Language: Ojibwe Tales and Oral Histories aistrithe le hAnton Truer, agus a lán leabhar do pháistí freisin mar ‘The Birchbark House’ le Louise Erdich agus ‘ The legend of the Lady Slipper: An Ojibwe Tale’ le Lise Lunge-Larsen, Margi Preus agus Andrea Arroyo.

Go deimhin, ní raibh an áilleacht fhileata i ngan fhios do Longfellow nuair a rinne sé tagairt ina dhán thuasluaite do Ode’imini-giizis - Gealach Sú, a chiallaíonn Bealtine. Gúim gach rath d’eagraíochtaí Ojibwe don todhcaí agus tá súil agam go mhairfidh Ojibwe go deo agus ní mar ‘Jiibay’(taibhse), chinniúint tragóideach atá in ndán d’iomarca teangacha sa domhan faoi láthair. Mii o’o minik waa-ikidoyaan noongoom.Sin a bhfuil uaim anois!

Gluais

Bundúchasach- aboriginal
Áitritheoirí – settlers
Díothú- annihilation
Coimhthíoch- exotic
Dóchas- hope
Comhartha gear- poignant sign
Drochchlú- notoriety, infamy
Coimhthiú- alienation
Athbheochan cultúrtha agus teangeolaíoch- cultural and linguistic revival
Rúndiamhair- mysterious
Fréamhacha- roots
Áilleacht fhileata- poetic beauty

No comments: