Níl aon amhras ach go bhfanfaidh an bhliain seo caite in ár gcuimhne mar bhliain inar bádh tionscnaimh Eorpacha i dtonnta an easaontais, na calaoise agus na gcíréibeacha. Tar éis chinneadh na bhFrancach ‘non’ a rá le Bunreacht na hEorpa bhí míshuaimhneas agus díospóireacht shearbh le cloisteáil faoi bhrí an choincheapa ‘Eorpach’, fiu amháin brí an choincheapa ‘Francach’. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur phléasc an foréigean amach sna bhrúchbhailte i bPáras ina raibh míshásacht na ndaoine óga, dífhostaithe de bhunús tíortha éagsúla na nIarchoilíneachta le feiscint. Go deimhin, tugann an eiseamláir sin deis do dhaoine atá amhrasach faoi choincheap an ilchultúrachais imní a nochtadh faoin luach a bhaineann leis - go háirithe i ndomhan atá ag éirí níos ilchultúrtha i gcónaí. Ach an bhfuil sé gléineach cad atá i gceist nuair a dhéanaimid tagairt don choincheap úd ‘cultúr’? Tá iliomad rudaí i gceist anseo - ceol, ealaín, teanga, bia, stair agus creidimh san áireamh.
Is cinnte go bhfuil fréamhacha na bhfadhbanna sa Fhrainc le haimsiú ina stair choilíneach sa naoú haois déag nuair a chuir sí formhór na hAfraice faoi dhaorsmacht. Agus caithfimid uídh a thabhairt freisin ar an gcaoi nach bhfuil na hainghníomhartha a rinne saighdúirí na Fraince san Algéir i rith na seascaidí pléite go cuimsitheach acu go fóill. Ach chun tuiscint a fháil ar cad atá i gceist nuair a smaoinimid ar mheascán de chultúir agus de dhearcaidh, go háirithe sa Fhrainc, is fiú machnamh ar na ceisteanna bunúsacha a chuir isteach ar na healaíontóirí cáiliúla san fhichiú haois déag. Is ansin a fheicfimid an tábhacht a bhaineann le breathnú ar thraidisiúin eile chun ár nglacadh a cheistiú.
Ag smaoineamh ar thionchair choimhthíocha ar mheon agus ar shamhlaíocht na bhFrancach ag tús an fichiú haois déag, bheadh sé tráthúil an pictiúr cáiliúil ó Paul Gaugain, dar teideal ‘D’ou venons nous? Qui sommes nous? Ou allons nous?’, a lua. Cárbh as dúinn? Cé muid? Cá bhfuilimid ag dul?’ B’shin na ceisteanna in aigne na n-ealaíontóirí, na scríbhneoirí agus na bhfealsúna ag an am. Agus is iad na ceisteanna is tráthúla don Eoraip faoi láthair. Mhúscail an teagmháil le cultúir eile a bhí fíordhifriúil an míshuimhneas iontu maidir le bunús agus móiréis a gcultúr féin. Is soiléir go raibh ideálachas an chultúir sa Tahiti i gceist ag Gaugain agus an áilleacht neamhurchóideach, shimplí a shonraigh sé ann i gcomparáid leis an dólás morálta agus gráin thionsclaíoch sa Fhrainc de fin de siécle. Ach mhair na ceisteanna ealaíonta faoi dhearcadh, agus conas a éireoidh leo fís nua a chruthú trí ghrúpaí mar Les Fauves, ina measc Vlaminck agus Matisse. Chruthaigh siad saothair lán de dhathanna lonracha sa stíl nua, fhiáin, broidearnach. Bhí meon cruthaitheach an domhain ag athrú. As seo amach, bheadh cruthanna, línte agus dathanna níos tábhachtaí ná figiúirí a dhearadh nó scéalta a insint. Fuair an fealsamh Merleau-Ponty speagradh as an ealaín nua nuair a scríobh sé na leabhair Phénoméologie de la Perception (1945) agus L’oeil et l’esprit (1964).
Ach níorbh iad Les Fauves an t-aon ghluaiseacht a raibh tionchar an dearcaidh choimhthíoch le sonrú uirthi. Bhí gluaiseacht nua réabhlóideach ag teacht a fuair spreagadh ó ealaín na hAfraice agus na hÁise, agus Ciúbachas an tugadh uirthi. Is é an cur chuige a bhí ag na Ciúbaí ná gach taobh den rud ealaíonta a thaispeáint ag an am céanna chun fís shamhalta, fhealsúnach a chur os ár gcomhair, agus athchumadh a dhéanamh ar ár dtuiscint faoi spás trí-thoimhseach. Ba iad Georges Braque agus Pablo Picasso na hainmeacha ba cháiliúila a bhain leis an ngluaiseacht ealaíonta seo. Go deimhin, bhris Picasso rialacha thraidisiún dhomhain ealaíonta na hEorpa nuair a chuaigh sé sa tóir ar phíosaí ealaíne ón Afraic. Thug sé cuairt ar an Musée d’Ethnographie de Paris sula ndearna sé a phíosa cáiliúil: Les demoiselles d’avignon agus tá tionchar mhasc Ibo de Nigeria le feiceáil sna figiúirí tarraingthe, snoite a thugann dushlán dúinn athsmaoineamh a dhéanamh ar ár dtuiscint ar áilleacht ealaíonta agus ghnéasach. Dar leis an staraí Patricia Leighton, d’eascair ‘les demoiselles’ óna ‘Scandals and fiery debates over French colonial policy in Africa that took place in 1905-6 and the resulting outcry of anticolonial opposition from anarchists and socialists.’
Níl sé soiléir, áfach, cen rún a bhí in aigne Picasso féin. Tá gach cosúlacht ann go raibh sé ar intinn aige tionchar mhasc Ibo a choinneáil faoi cheilt chun iontas níos treise a chur orainn agus ár míshuimhneas a mhúscailt os comhair na físe nua coimhthíche. Dar le John Berger ‘les demoiselles’ ‘Was meant to shock. It was a raging, frontal attack, not against sexual ‘immorality’, but against life as Picasso found it- the waste, the disease, the ugliness, and the ruthlessness of it…the dislocations in this picture are the result of aggression, not aesthetics.’
In ainneoin an easaontais faoi chiall an phictiúir, tá rud amháin soiléir: shonraigh Picasso rud éigin úrnua níos doimhne i stíl ealaíonta na hAfraice, agus d’eascair fís nua réabhlóideach aisti.
Ní raibh Picasso ina aonar ina dhíograis do chultúr coimhthíoch, áfach. Bhí roinnt ealaíontóirí eile ag cruthú pictiúr agus dealbhóireachta a raibh tionchar na hAfraice agus na hÁise le sonrú orthu. Tá maisc ón nGabon, ó La Côte d’Ivoire agus ón gCongó an-leitheadach in ealaín Brancusi, Modigliani agus Gaudier Bzeska chomh maith. Tá an ‘petite francaise’ ó Brancusi (1914-18) ina dhea-shampla da leithéid. Tá staidiúir éadain, dolúbtha an ‘Petite Francaise’ an-chosúil leis an bhfigiúr Kulango ó La Côte d’Ivoire lena chruth dúnta agus an teibíocht fhollasach; chonacthas an cineál sin teibíochta in ealaín na hAfraice. Ní dhearna ealaíontóirí na hAfraice aon iarracht rudaí a léiriú sa chaoi réadúil. Bhí an teagmháil rúndiamhair le domhain eile i bhfad níos tábhachtaí.
Chuir mé tús leis an alt seo ag díriú ar chúrsaí reatha i gcomhthéacs fhadhbanna an ilchultúrachais san Eoraip faoi láthair. Bhí mé ag iarraidh an saibhriú a eascraíonn as teagmháil le meon eile a léiriú, sa dóigh ina musclaíonn sé ceisteanna ionainn faoinár bhféiniúlacht nó ár gcultúr féin agus, níos tábhachtaí fós, céard a bhíonn i gceist nuair a dhéanaimid tagairt dár gcultúr féin má thugaimid faoin ár n-uídh go bhfuil cultúir na hEorpa fite fuite le foinsí ó gach cearn den domhan. Sa lá atá inniu ann, tá fís nua de dhíth orainn arís. B’fhéidir go bhfaighimid san ealaín í. Ag deireadh thiar thall, fágtar na ceisteanna sioraí, dosheachanta againn: Cárbh as dúinn? Cé muid? Cá bhfuilimid ag dul?
No comments:
Post a Comment