Sunday, August 16, 2009

An lámh cheilte a mhúnlaíonn eachtraí an domhain

Tá sé fíordheacair a thuiscint céard a tharla san Iaráin cúpla seachtaine o shin. Dearfá go bhfuil sé ‘fíordheacair’ dá ndéanfá tagairt don gcaidreamh tioblóideach idir an Iaráin agus an domhan Iartharach ó tháinig Khomeini i gcumhacht i 1979 agus an cur isteach seasta na Stát Aonaithe agus na Breataine go háirithe ar pholaitíocht inmheánach na tíre. Is miotas mór é go bhfuil mean cumarsáide saor againne san Eoraip. Is mean cumarsáide corparáideach, lúitéiseach ata i gceist don chuid is mó. Cuir i gcás, cé mhéad cláir faisnéise a chonaic tú san RTE nó BBC faoi stair an CIA mar shampla, agus na coup d’état frithdhaonlathach i ndiaidh coup d’état a rinne siad ar fud an domhain ó buníodh é i 1947?

Nuair a chuir an CIA agus an tseirbhís rúnda na Breataine Mohammad Mossadegh, uachtarán daonlathach, as cumhacht sa coup d’etat i 1953(Operation Ajax), ní raibh aon iriseoirí sa domhan iartharach a rá go mbfhéidir go mbeadh an CIA thaobh thiar de, cé go raibh fhios acu céard a bhí ag tarlú. Ag an am sin, bhí na meáin cumarsáide ar fud na Stát Aontaithe ag leathnú bolscaireacht i gcoinne an tAontais Sovéidigh. Toisc go raibh Mossedegh ag iarriadh ola na tíre, an chomhlacht British-Persian petroleum, a náisiúnú ionas go mbeadh an acmhainn nádúrtha sin i seilbh an phobail, bhí sé ina ‘chummanach ‘. Bhí láithreacht na Breataine an lag san Iaráin ó Réabhlóid Bunreachtúil i 1906. Mar gheall ar sin, ní raibh aon rogha acu ach glaoch a chur ar Na Stáit Aontaithe chun cabhair a fháil on CIA chun deireadh a chur ar Mhossedegh.

Ba chomoibríocht fhíoréirimúil í Operation Ajax. Bhain an CIA usáid as gach grúpa sa tír a bhí i gcoinne rialtais de Mhossedegh chun ciréibeacha a ghríosú. Fuair roinnt mullánna breab ón CIA chun a lucht leanúna a ghríosú. Chun eagla a chur ar na sluaite de dhaoine chráifeacha a bhí ag léirsiú sna sráideanna , chuir an CIA grúpaí de ghníomhaithe ar na sráideanna chomh maith agus iad ag déanamh aithris ar chumannaigh! “ Deireadh le Islam” an mana a bhí acu. Sa deireadh d’imigh Mossedegh thar lear agus chuir an CIA an Shah ar ais. Sheol Washington Norman Schwarzkoph (sinsearch) chun SAVAK an tseirbhís rúnda cruálach a bhunú. Seo é ráiteas d’Amnesty International a dfhoilsigh siad i 1976 faoi SAVAK ‘highest rate of death penalties in the world, no valid system of civilian courts and a history of torture which is beyond belief. No country in the world has a worse record in human rights than Iran.

Cé go bhfuilim i bhfabhar na léirseoirí san Iaráin, táim in amhras faoi iontaofacht na meán cumarsáide anseo. Níl ach ionadaithe bréagacha iad do pholaitaíocht an nua-liobrálachais don chuid is mó. Cuireann siad an bréag amach i gcónaí go bhfuil An Eoraip agus Na Stáit Aontaithe ag iarraidh ‘daonlathas’ agus ‘ saoirse’ a chothú ar fud an domhain; a mhalairt ar fad atá fíor! Mar sin, ní léiríonn siad choiche an lámh cheilte a mhúnlaíonn eachtraí an domhain.

No comments: