Sunday, August 16, 2009

Coup d’état sa Hondúras: tá faisisteachas na Stát Aontaithe beo beathaíoch

Cé go bhfuil sé follasach go bhfuil coup d’état militeach, fasisteach, tradisiúnta i gceist i Hondúras, diúltaíonn Washington an focail ‘coup’ a rá. Ní chuireann sé sin aon iontas orm. Is stát satilíteach na Stát Aonaithe é Hondúras don chuid is mó agus sin mar a bhí sé le níos mó ná céad bliain anuas. Sna hochtóidí sheol Uachtarán Reagan grúpaí sceimhlitheoirí ann chun na mílte daoine a mharú. An réamhthéacs a bhí ag na grúpaí sceimhlitheoirí ná go raibh siad ag iarraidh dul i ngleic le bagairt an chumannachais! Cosúil le morán cogaí eile a raibh na Stáit Aontaithe thaobh thiar dóibh, ní raibh aon tuairiscíocht cheart déanta ag an meán cumarsáide ag an am.

Anois is cinneál coup d’état da samhail atá i gceist agus níl aon dabht ar bith ach go bhfuil an Teach Bán ciontach as. An fhabhb do Washington anois ná go bhfuil an comhaontas daonlathach sa Mheiriceá Láir agus Theas ag treisiú ó tháinig Chavez i gcumhacht i 2000, agus an ghluaiseacht a theastaíonn uathu a scriosadh? Alianza Bolivariana para los Pueblos de Nuestra América , an comhaontas Bolivar atá ag iarraidh geilleagar difriúil a thógáil do thíortha sa Mheiriceá Theas.

Theastaigh ó Uachtarán Zelaya reifreann a dhéanamh chun tuairim na ndaoine a fháil faoi athruithe don bhunreacht. Bhí tacaíocht d’fhormhór na ndaoine ag Uachtarán Zelaya ach dúirt an cúirt ardcheannasach go raibh an reifreann sin mídhleathach . Mar sin diúltaigh an general Romeo Vásquez na hábhair toghcháin a sheachadadh. Ina dhiadh sin, bhí léirsiú mór sa Tegucigalpa chun tacaíocht a tabhairt don uachtarán.

Ansin fuadaíoch an t-uachtarán Zelaya agus thóg Vásquez an chumhacht. Cé go raibh Washington a rá go raibh siad ‘buartha’ faoi na heachtraí polaitíocha sa Tegucigalpa, bhí alán athbhrí agus neamhciontacht ina gcuid raitis: i bhfocail eile, cur i gcéill! Dúirt an t-aire gnóthaí eachtracha sa Hondúras Paticia Rodas gur ndearna sí roinnt iarachtaí teagmháil a dhéanamh le ambassadóir meiricánach ach dhiúltaigh sé a glaonna a fhreagairt.

Fuair Vásquez agus roinnt gineráil eile sa coup a gcuid oideachais mhileata sa School of the Americas i Georgia USA agus tá láithreacht láidir sheasta na Stáit Aontaithe sa Soto Cano i Hondúras go fóill, an US Joint Task Force Bravo. Eagraíochtaí eile a thugann airgead agus tacaíocht do ghrupaí frith-dhaonlathach sa Hondúras ná ‘National Endowment for Democracy’, the International Republican Institute agus the National Democratic Institute for International Affairs. Tá impireacht na Stát Aontaithe an-gníomhach go fóill sa Mheiriceá Láir agus sa Mheiriceá Theas cé go bhfuil uachtarán nua dathúil acu, ní athróidh sé sin faic i ndáiríre agus leanann an ‘golpismo’ rúnda ar aghaidh.

No comments: