Sunday, June 04, 2006

Beckett: Faoi Scáth 'du gaélique'




Tá sé fíordheacair uaireanta do chuid smaointe a scríobh síos go cruinn agus go ceart. Ach is dúshlán as cuimse é scríobh i dteanga iasachta! B’shin dúshlán a ghlac Samuel Beckett leis nuair a tháinig claochlú air i 1948 agus é ag spaisteoireacht cois fharraige i nDún Laoighaire. Uaidh sin amach, scríobhfadh sé sa Fhraincis. Dá mba rud é go raibh a chaighdeán níos lú ná milisbhriathracht an chainteora dúchais ag an am, bhí a fheasacht, cruinneas agus líofacht sa teanga gan amhras. Ba é an ‘níos lú’ ó thaobh focal agus friotail de an rud a theastaigh uaidh. Ag míniú a chinnte cumadh as Fraincis, dúirt sé ‘parce que c’est plus facile d’ecrire sans style’ - tá sé níos fusa scríobh gan stíl. Stíl shimplí, chruinn gan a bheith iomarcach a bhí á lorg aige. Lena ghraiméar docht, díreach, d’éirigh le Beckett stíl nua avant-garde a chruthú. Le roinnt teangacha ar a thoil aige cheana féin, agus é an-léannta i litríochtaí éagsúla na hEorpa, bhí Beckett sách ilchultúrtha. Ach mar scríbhneoir Éireannach i ndiaidh Joyce agus Synge, bhí brú air a bheith níos réabhlóidí fós ó thaobh friotail agus stíle de. Bhí Beckett den tuairim chéanna le Mangan, Joyce, Synge, Moore agus Douglas Hyde, go raibh Béarla mar theanga thrádáil an domhain tnáite agus folamh. Agus dá dheasca sin, míchuí don litríocht nuálach. Bhí féidearthachtaí eile ag Synge, Moore agus Hyde, áfach, litríocht nua a dhearadh le hathbheochan na Gaeilge. Mar is ghnáth le saoithe Éireannacha, bhí na scríbhneoirí úd ina dteangeolaithe den scoth chomh maith. An difríocht a bhí idir iadsan agus Beckett, áfach, ná gur theastaigh ó Beckett machnamh a dhéanamh ar sháinn ointeolaíoch an duine mar choimhthíoch, deoraí an domhain chrua sa chaoi theibí gan trácht a dhéanamh ar thír nó áit ar leith. Is iad an fhulaingt agus an t-éadóchas na tréithe is suaitheanta i saothair Beckett. Cé go bhfuil sé fíorghreannmhar chomh maith gan amhras, is gáire an éadóchais é i dtólamh.

Go deimhin, feictear tionchar a lán scríbhneoirí Francacha ar a chuid saothar. Go háirithe Louis Ferdinand Celine agus Proust. Chuaigh an leabhar cáiliúil de Celine ‘Voyage au bout de la nuit’ go mór i bhfeidhm ar Beckett, agus d’fhéadfaí a áiteamh go raibh a shaothair féin mar thuras de chineál go deireadh na hoíche. Bhí sé an-tugtha leis an bhfealsamh Gearmánach Schopenhauer freisin agus bhí ardmheas aige ar a chara ó Romáine Cioran, deoraí eisíoch eile a scríobh i dteanga iasachta.

Ach cé go bhfuil sé ceart Beckett a léamh mar scríbhneoir Francach, tá a scríbhneoireacht lán de thagairtí Éireannacha chomh maith. Cuimhnítear dúinn na frithlaochra Molloy agus Malone ar na fánaí a bhíodh ag stácáil bóithre na hÉireann anallód. Sa chaoi sin meabhraítear Ó Conaire dúinn. Ag scríobh sa Fhraincis, bhí sé níos fusa teacht ar na rudaí bunúsacha faoin saol agus faoin mbás ag baint úsáide as buanchruthuithe dúchais chun éifeacht choimhthíoch fhileata a bhaint amach. Dá bhrí sin, bhí sé in ann éalú on ‘Éireannachas’ mar a thuigtear de ghnáth. Ach nuair a fhéachann tú ar na nathanna fileata a chruthaíonn sé sa Fhraincis agus an chaoi a n-aistríonn sé go Béarla nó ‘Hiberno- English’ iad is léir go bhfuil sé ar duine de na filí is éirimiúla dá mhair riamh. Féach ar an gcaoi a n-aistríonn sé an nath seo a leanas go Béarla- Ibeirneach – ‘il y a la de quoi se regalar pendant un moment’ – ‘there’s a thought to be going on with’. Nach ndealraíonn sé go mbeadh fréamh ‘du Gaelique’ taobh thiar de sin?

Lena ghnáthsheilbh theangeolaíoch agus a mhacnamh fealsúnach faoin mbás, tá cosúlachtaí suntasacha idir Beckett agus Ó Cadhain freisin. Sa leabhar ‘Idir an dhá chultúr’ scríobh Declan Kiberd ‘thuig Beckett mar a thuig an Cadhnach agus an Seoigheach go raibh cathú éigin sa Bhéarla don Éireannach ar mhian leis a chuid a rá ar a bhealach neamhleathscéalach féin. B’shin é an chúis gur athraigh sé go Fraincis agus gur cloígh sé leis an Eorpachas.’(p.252).

Cé nach raibh ach cúpla focal Gaeilge ag Beckett, is léir go ngnáthaíonn sí a chuid saothar ina aistriúcháin álainn ón bhFraincis. Cosúil le Joyce agus Synge, bhí cluas iontach aige don nath áirithe sa Bhéarla-Ibeirneach. Léimeann focail Ibeirneacha amach chugat go tobann agus gaireann siad ort mar thaibhse chaillte. D’aithin sé an sprocht agus an doilíos a bhí sna nathanna de bhunús Gaelach, agus sceitseál sé tírdhréach gruama, stéigiúil astu. C’est Gaélique pour moi: Do Beckett tá an ‘Gaélique’ mar chomhartha de gach rud dophollta, doscrúdaithe. Teanga stoite den tír mar chorp marfach gan anam. Ach thar rud ar bith eile, is é ceol binn dólásach na Gaeilge i bhfuath taibhseach an Bhéarla- Ibeirnigh a bhraitheann tú anonn is anall san éadóchas gáireach, faoi scáth na línte agus i dteannas na tosta. Tears and laughter, they are so much Gaelic to me - Watt.

An taobh thiar theas le Gearóid Ó Colmáin. An Bholaiv: Caithréim na ndaoine.




Nuair a scrios na Conquistadores impireacht na nIncigh i 1538, cuireadh formhór na mbundúchasach faoi dhaorsmacht na nÁitritheoirí nua Eorpacha. In ainneoin roinnt iarrachtaí chun a gcuid saoirse a bhaint amach, go háirithe i 1781, theip ar na bundúchasaigh cothrom na féine a bhaint amacht ina dtír féin go dtí le déanaí. Cé gur n-éirigh leo ‘saoirse’ na tíre a fháil faoi cheannaireacht Simon Bolivar ag cur tús le neamhspleáchas na tíre a dtabharfaidís ‘Bolivia’ uirthi, mhair stádas íochtaránach na mbundúchasach go dtí gur roghnaíodh Senor Evo Morales mar Uachtarán na Bolaive ar an 22 Eanáir 2006. B’shin an chéad uair riamh i stair na Bolaive go raibh daonlathas ceart i bhfeidhm, is é sin le rá, rialtas a bhfuil tromlach na n-airí ina mbundúchasaigh.

Go deimhin, ní raibh cearta votála ag na bundúchasaigh go dtí caoga bliain ó shin. Dá bhrí sin, ní raibh i gceist le neamspleáchas na tíre ach neamspleáchas na nÁitritheoirí nua ó Impireacht na Spáinne. Choinneoidís na bundúchasaigh ina n-íochtaránach go fóill. Ní raibh baint acu le dréacht an bhunreachta nó aon ghó riaracháin nó oideachasúil. An scéal céanna a bhí i gceist maidir le teangacha dúchasacha, a bhí an-shaibhir agus éagsúil roimh theacht na Spáinneach, a mbeadh ag dul in éag ó shin i leith.

D’éirigh na bundúchasaigh amach arís i 1870 agus 1871 tar éis dheachtóireacht Santa Cruz agus díomua Chath Yungay, agus bhí ainriail ar fud na tíre go dtí 1880. Nuair a fuair taisceoirí amach go raibh quinín agus nítrít, airgead agus stáin ann, thosaigh dúshaothrú na n-oibrithe. Sa Chogadh Nítríte le Sile i 1879, chaill siad cúige Atacama agus leis sin, teacht ar mhuir. Tar éis Acre, cúige tábhachtach eile, a chailliúint do Bhrasaíl i 1904, thosaigh na Stáit Aontaithe lena n-infheistíocht.

Ach, bhí difríocht eacnamíoch an-mhór idir na ceantair mhianadóireachta agus na ceantair feirmeoireachta, agus d’éirigh cursaí níos measa le géarchéim eacnamaíoch an domhain i 1929. I gCogadh Chaco le Paraguay i 1932-33 chaill siad cúige Chaco agus leis sin, teacht ar na haibhneacha tábhachtacha a bhí ina sruth chuig an Mórmhuir Atlantach. Tháinig deachtóireacht eile i gcumhacht tar éis an chogaidh agus thosaigh siad ar náisiúnú an chomhlachta Mheiriceánaigh ‘Standard Oil’ agus rinne siad cumannaithe de na hoibrithe. Faoi ghluaiseacht nua darbh ainm Movimiento Nationalista Revolutionario tháinig Victor Paz Estensoro i gcumhacht i 1952. Chuir sé tús le próiseas chun an talamh a thabhairt ar ais do na bundúchasaigh, ach níorbh fhada go raibh coup míleata le tacaíocht Mheiriceánach.

Le tacaíocht ó Fidel Castro, thosaigh Che Guevara cogadh ‘guerrilla’ in aghaidh an rialtais mhíleata agus dhúnmharaigh an CIA é i 1967. Ina dhiaidh sin, bhí roinnt coups míleata agus bhí an geilleagar ag dul in olcas gan stad gan staonadh. Cé gur roghnaíodh Estensorro arís i 1985, ní raibh sé in ann dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamíochta.

O shin i leith, le polasaithe nua liobrálacha tacaithe ó na Stáit Áontaithe, Bainc an Domhain agus infheistíocht ó thar lear, tá formhór mhaoin na tíre i seilbh na gcomhlachtaí idirnáisiúnta. Is iad náisiúnú an gháis, athnáisiúnú an chomlachta eitleáin Lloyd Aereo Bolivano, agus cealú na bhfiach leis an mBanc Forbartha Idir-Mheiriceánach mar aon le hinfheistíocht chuimsitheach a dhéanamh i mbonneagar na tíre na dúshláin is mó roimh Morales faoi láthair. Ní bheidh sé furasta ach tá dúil agus féinmhuinín le sonrú i dtromlach an phobail anois don chéad uair riamh le rialtas atá dáiríre faoi chothrom na féine, cobhsaíocht pholaitiúil agus cearta daonna a sholáthar dá mhuintir. Bímis ag coinneáil súil ghéar orthu! Viva los campesinos y viva la revolución!

carbh as dúinn, cé muid, cá bhfuil muid ag dul?


Níl aon amhras ach go bhfanfaidh an bhliain seo caite in ár gcuimhne mar bhliain inar bádh tionscnaimh Eorpacha i dtonnta an easaontais, na calaoise agus na gcíréibeacha. Tar éis chinneadh na bhFrancach ‘non’ a rá le Bunreacht na hEorpa bhí míshuaimhneas agus díospóireacht shearbh le cloisteáil faoi bhrí an choincheapa ‘Eorpach’, fiu amháin brí an choincheapa ‘Francach’. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur phléasc an foréigean amach sna bhrúchbhailte i bPáras ina raibh míshásacht na ndaoine óga, dífhostaithe de bhunús tíortha éagsúla na nIarchoilíneachta le feiscint. Go deimhin, tugann an eiseamláir sin deis do dhaoine atá amhrasach faoi choincheap an ilchultúrachais imní a nochtadh faoin luach a bhaineann leis - go háirithe i ndomhan atá ag éirí níos ilchultúrtha i gcónaí. Ach an bhfuil sé gléineach cad atá i gceist nuair a dhéanaimid tagairt don choincheap úd ‘cultúr’? Tá iliomad rudaí i gceist anseo - ceol, ealaín, teanga, bia, stair agus creidimh san áireamh.

Is cinnte go bhfuil fréamhacha na bhfadhbanna sa Fhrainc le haimsiú ina stair choilíneach sa naoú haois déag nuair a chuir sí formhór na hAfraice faoi dhaorsmacht. Agus caithfimid uídh a thabhairt freisin ar an gcaoi nach bhfuil na hainghníomhartha a rinne saighdúirí na Fraince san Algéir i rith na seascaidí pléite go cuimsitheach acu go fóill. Ach chun tuiscint a fháil ar cad atá i gceist nuair a smaoinimid ar mheascán de chultúir agus de dhearcaidh, go háirithe sa Fhrainc, is fiú machnamh ar na ceisteanna bunúsacha a chuir isteach ar na healaíontóirí cáiliúla san fhichiú haois déag. Is ansin a fheicfimid an tábhacht a bhaineann le breathnú ar thraidisiúin eile chun ár nglacadh a cheistiú.

Ag smaoineamh ar thionchair choimhthíocha ar mheon agus ar shamhlaíocht na bhFrancach ag tús an fichiú haois déag, bheadh sé tráthúil an pictiúr cáiliúil ó Paul Gaugain, dar teideal ‘D’ou venons nous? Qui sommes nous? Ou allons nous?’, a lua. Cárbh as dúinn? Cé muid? Cá bhfuilimid ag dul?’ B’shin na ceisteanna in aigne na n-ealaíontóirí, na scríbhneoirí agus na bhfealsúna ag an am. Agus is iad na ceisteanna is tráthúla don Eoraip faoi láthair. Mhúscail an teagmháil le cultúir eile a bhí fíordhifriúil an míshuimhneas iontu maidir le bunús agus móiréis a gcultúr féin. Is soiléir go raibh ideálachas an chultúir sa Tahiti i gceist ag Gaugain agus an áilleacht neamhurchóideach, shimplí a shonraigh sé ann i gcomparáid leis an dólás morálta agus gráin thionsclaíoch sa Fhrainc de fin de siécle. Ach mhair na ceisteanna ealaíonta faoi dhearcadh, agus conas a éireoidh leo fís nua a chruthú trí ghrúpaí mar Les Fauves, ina measc Vlaminck agus Matisse. Chruthaigh siad saothair lán de dhathanna lonracha sa stíl nua, fhiáin, broidearnach. Bhí meon cruthaitheach an domhain ag athrú. As seo amach, bheadh cruthanna, línte agus dathanna níos tábhachtaí ná figiúirí a dhearadh nó scéalta a insint. Fuair an fealsamh Merleau-Ponty speagradh as an ealaín nua nuair a scríobh sé na leabhair Phénoméologie de la Perception (1945) agus L’oeil et l’esprit (1964).



Ach níorbh iad Les Fauves an t-aon ghluaiseacht a raibh tionchar an dearcaidh choimhthíoch le sonrú uirthi. Bhí gluaiseacht nua réabhlóideach ag teacht a fuair spreagadh ó ealaín na hAfraice agus na hÁise, agus Ciúbachas an tugadh uirthi. Is é an cur chuige a bhí ag na Ciúbaí ná gach taobh den rud ealaíonta a thaispeáint ag an am céanna chun fís shamhalta, fhealsúnach a chur os ár gcomhair, agus athchumadh a dhéanamh ar ár dtuiscint faoi spás trí-thoimhseach. Ba iad Georges Braque agus Pablo Picasso na hainmeacha ba cháiliúila a bhain leis an ngluaiseacht ealaíonta seo. Go deimhin, bhris Picasso rialacha thraidisiún dhomhain ealaíonta na hEorpa nuair a chuaigh sé sa tóir ar phíosaí ealaíne ón Afraic. Thug sé cuairt ar an Musée d’Ethnographie de Paris sula ndearna sé a phíosa cáiliúil: Les demoiselles d’avignon agus tá tionchar mhasc Ibo de Nigeria le feiceáil sna figiúirí tarraingthe, snoite a thugann dushlán dúinn athsmaoineamh a dhéanamh ar ár dtuiscint ar áilleacht ealaíonta agus ghnéasach. Dar leis an staraí Patricia Leighton, d’eascair ‘les demoiselles’ óna ‘Scandals and fiery debates over French colonial policy in Africa that took place in 1905-6 and the resulting outcry of anticolonial opposition from anarchists and socialists.’
Níl sé soiléir, áfach, cen rún a bhí in aigne Picasso féin. Tá gach cosúlacht ann go raibh sé ar intinn aige tionchar mhasc Ibo a choinneáil faoi cheilt chun iontas níos treise a chur orainn agus ár míshuimhneas a mhúscailt os comhair na físe nua coimhthíche. Dar le John Berger ‘les demoiselles’ ‘Was meant to shock. It was a raging, frontal attack, not against sexual ‘immorality’, but against life as Picasso found it- the waste, the disease, the ugliness, and the ruthlessness of it…the dislocations in this picture are the result of aggression, not aesthetics.’
In ainneoin an easaontais faoi chiall an phictiúir, tá rud amháin soiléir: shonraigh Picasso rud éigin úrnua níos doimhne i stíl ealaíonta na hAfraice, agus d’eascair fís nua réabhlóideach aisti.



Ní raibh Picasso ina aonar ina dhíograis do chultúr coimhthíoch, áfach. Bhí roinnt ealaíontóirí eile ag cruthú pictiúr agus dealbhóireachta a raibh tionchar na hAfraice agus na hÁise le sonrú orthu. Tá maisc ón nGabon, ó La Côte d’Ivoire agus ón gCongó an-leitheadach in ealaín Brancusi, Modigliani agus Gaudier Bzeska chomh maith. Tá an ‘petite francaise’ ó Brancusi (1914-18) ina dhea-shampla da leithéid. Tá staidiúir éadain, dolúbtha an ‘Petite Francaise’ an-chosúil leis an bhfigiúr Kulango ó La Côte d’Ivoire lena chruth dúnta agus an teibíocht fhollasach; chonacthas an cineál sin teibíochta in ealaín na hAfraice. Ní dhearna ealaíontóirí na hAfraice aon iarracht rudaí a léiriú sa chaoi réadúil. Bhí an teagmháil rúndiamhair le domhain eile i bhfad níos tábhachtaí.

Chuir mé tús leis an alt seo ag díriú ar chúrsaí reatha i gcomhthéacs fhadhbanna an ilchultúrachais san Eoraip faoi láthair. Bhí mé ag iarraidh an saibhriú a eascraíonn as teagmháil le meon eile a léiriú, sa dóigh ina musclaíonn sé ceisteanna ionainn faoinár bhféiniúlacht nó ár gcultúr féin agus, níos tábhachtaí fós, céard a bhíonn i gceist nuair a dhéanaimid tagairt dár gcultúr féin má thugaimid faoin ár n-uídh go bhfuil cultúir na hEorpa fite fuite le foinsí ó gach cearn den domhan. Sa lá atá inniu ann, tá fís nua de dhíth orainn arís. B’fhéidir go bhfaighimid san ealaín í. Ag deireadh thiar thall, fágtar na ceisteanna sioraí, dosheachanta againn: Cárbh as dúinn? Cé muid? Cá bhfuilimid ag dul?

Boozoo! An labhrann tú Ojibwe?



Cé go ndearna na háitritheoirí nua gach iarracht díothú iomlán a dhéanamh ar chultúr agus ar theangacha na mbundúchasach i dtuaisceart Mheiriceá thar na céadta bliain, maireann roinnt teangacha bundúchasacha go fóill. Faraor, tar éis dhaorsmacht tréan na nEorpach, ní fheictear morán bundúchasach ar fud na tíre faoi láthair, agus is fíormhinic a chloiseann tú a dteangacha áille, coimhthíocha. Ach, níl sé sin le rá go bhfuil siad marbh go huile agus go hiomlán. Le roinnt blianta anuas, tá athbheochan cultúrtha agus teangeolaíoch ag tarlú a thugann dóchas don chéad ghlúin eile de chine bundúchasach a dteanga stairiúil, rúndiamhair á coinneáil beo. Cúpla lá tar éis do Metro Éireann a chéad rannán Gaeilge a fhoilsiú, fuair mé ríomhphost ó chainteoir Ojibwe d’ollscoil Minnesota, atá ag obair i mbunscoil anseo in Éirinn. Bhí sí ag iarriadh teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge sa tír seo chun eolas a fháil fúinn agus ár gcuid iarrachtaí ár dteanga agus oidhreacht a chothú agus a neartú. Chas mé léi i gCaifé i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh chun malartán smaointe a dhéanamh le chéile.

Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam faoin teanga siúd roimhe sin, cé is moite den dán cáiliúil de Longfellow, darb ainm Hiawatha. Níor chas mé le bundúchasach ó thuaisceart Mheiriceá riamh cheana, seachas fánaí amháin i mBeirlín blianta ó shin, a bhí as a mheabhair ar chóicín! Is comhartha géar i leith na mbundúchasach é an drochchlú atá ar an bhformhór acu mar gheall ar na fadhbanna drúgaí agus alcóil, mar aon leis an míshásacht, an coimhthiú agus an díshealbhú a bhraitheann siad ina dtír féin.

Is í Ojibwe ceann de na teangacha a thugtar ‘Algonquioch’ orthu. Sa lá atá inniu ann, tá beagnach 50,000 cainteoirí fágtha i dtuaisceart na Stát Aontaithe agus i ndeisceart Cheanada. Tugann na caointeoirí dúchasacha, ‘Anishabe’ uirthi, a chiallaíonn ‘bundúchasach’. Tá cúpla treibh eile freisin, na Saulteaux agus na Mississauga, is fo-threibheanna Ojibwe iad. An t-aon rud a thug mé faoi deara faoi Michelle ná a hainm Francach, “bhí comhthuiscint áirithe, caidreamh speisialta de chineál idir roinnt treibheanna bundúchasacha agus na Francaigh mar gur thaobhaigh siad leo i gcoinne na Sasanach. Bhí na Francaigh níos báúla do na bundúchasaigh ná na Sasanaigh. Is dócha gur mhothaigh siad mar mhionlach ar nós muidne, de bharr tromlach na Sasanach mar a bhí san ochtó haois déag. Sin an fáth go bhfuil ainmneacha Francacha an-choitianta i measc na mbundúchasach” a dúirt sí liom.

D’iarr mé uirthi faoi dhearcadh rialtas na Stát Aontaithe faoi láthair maidir le todhchaí Ojibwe, an gcuireann siad deontais ar fáil chun an teanga a spreagadh nó a shábháil fiú.
“Ní fhaigheann muid aon chabhair ón rialtas. Gach rud atá déanta againn ar son athbheochan Ojibwe, rinneamar inár n-aonar é. Ní chuireann rialtas na Stát Aontaithe aon spéis i gcúrsaí teangacha. Tá trí ‘thumscoil’ (immersion schools) againn faoi láthair i Minnesota, Wisconsin, agus North Dakota, ach ní bhfuaireamar aon tacaíocht nó misneach ón rialtas. Leis an bhfírinne a rá, muidne an chéad ghlúin a bheith oide ag an tríú leibhéal agus táimid bréan den bholscaireacht chéanna a fhaigheann muid ar scoil faoi thírghrá agus mar sin de. Is dócha go bhféadfaí a rá go dteastaíonn uainn an fhírinne a fháil amach faoinár stair fhéin, ár gcultúr, ár bhfealsúnacht. Táimid sa tóir ar an bhfírinne faoin tír a dtugtar Meiriceá uirthi, agus táimid ag iarraidh teagmháil a dhéanamh lenár bhfréamhacha. Tá níos mó i gceist i Meiriceá ná dearcadh nualiobrálach agus cogadh domhanda”.

Rud a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá teanga agus an caidreamh doscartha idir smaointe agus focail ná graiméar Ojibwe.Tá idirdhealú idir focail bheo agus focail neamhbheo i structúr na gramadaí fhéin. Tá ainmneacha beo agus ainmneacha neamhbheo chomh maith le briathra beo agus neamhbheo. Mar sin, tá sé fíordhifriúil ó struchtúir na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá níos mó leabhar á bhfoilsiú sa teanga faoi láthair ná riamh, agus tá roinnt leabhar ar fáil ar an Idirlíon. Cosúil le hÉirinn, tá an teanga scríofa ar fud fad na tíre i Meiriceá agus ní bhíonn a fhios ag tromlach na ndaoine cad is brí le formhór na logainmneacha. Cur i gcás, Chicago a chiallaíonn ‘tír na n-oinniún fiáin’ nó Mississippi – An Abhainn Mhór, nó Milwaukee - An Talamh Slán. Má theastaíonn uaibh seal a chaitheamh ag machnamh i measc na mbundúchasach agus ag déanamh teagmhála le Gichi-Manidoo (An tAnam Mór), is féidir dul chuig na ‘tumchampaí’ (immersion camps) ar feadh cúpla mí. Cé go bhfuil an-chuid den bhéaloideas agus den mhiotaseolaíocht caillte i rith na mblianta, toisc nár scríobhadh na scéalta síos, tá roinnt leabhar suimiúil ar fáil ar an Idirlíon a thugann léargas dúinn ar shaol agus ar chultúr Ojibwe mar ‘Living our Language: Ojibwe Tales and Oral Histories aistrithe le hAnton Truer, agus a lán leabhar do pháistí freisin mar ‘The Birchbark House’ le Louise Erdich agus ‘ The legend of the Lady Slipper: An Ojibwe Tale’ le Lise Lunge-Larsen, Margi Preus agus Andrea Arroyo.

Go deimhin, ní raibh an áilleacht fhileata i ngan fhios do Longfellow nuair a rinne sé tagairt ina dhán thuasluaite do Ode’imini-giizis - Gealach Sú, a chiallaíonn Bealtine. Gúim gach rath d’eagraíochtaí Ojibwe don todhcaí agus tá súil agam go mhairfidh Ojibwe go deo agus ní mar ‘Jiibay’(taibhse), chinniúint tragóideach atá in ndán d’iomarca teangacha sa domhan faoi láthair. Mii o’o minik waa-ikidoyaan noongoom.Sin a bhfuil uaim anois!

Gluais

Bundúchasach- aboriginal
Áitritheoirí – settlers
Díothú- annihilation
Coimhthíoch- exotic
Dóchas- hope
Comhartha gear- poignant sign
Drochchlú- notoriety, infamy
Coimhthiú- alienation
Athbheochan cultúrtha agus teangeolaíoch- cultural and linguistic revival
Rúndiamhair- mysterious
Fréamhacha- roots
Áilleacht fhileata- poetic beauty

Friday, June 02, 2006

the barrier is down

Wilkommen, Bienvenue, Bienvenido, benvenuto, croeso, failte roimh Metro Gael!