Saturday, May 09, 2009

911 agus na teoiricí comhcheilge timpeall an ghréasáin.



Os comhair ríomhaire le déanaí fuair mé roinnt suíomhanna idirlín faoi 911. I bhfírinne, ó tháinig an t-idirlíon go tithe an domhain tá réabhlóid mhilteanach tar éis tarlú ar fud na cruinne. Anois agus don chéad uair i stair an domhain, tá an t-eolas uileláithreach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil deis ag gach duine a bheith ina iriseoir, taighdeoir nó bleachtaire. Is é sin le rá, is féidir le gach duine an tsochaí ina maireann muid a iniúchadh agus a scrúdú ar bhonn gan macasamhail. Is muintir na gúglachta ( google) muid anois, mar a dhearfá. Ag gúgláil timpeall an ghréasáin le cuardach ‘911 cover up, CIA’ agus mar sin dé, chuir sé iontas orm an méid suíomhanna agus físeanna atá ann a chúisíonn an CIA agus Mossad a bheith taobh thiar de na hionsaithe ar na túir sa Nua Eabhrac.


Go deimhin, chualamar scéalta mar sin cheanna agus is fíor go mbíonn conspóid ag baint le gach tubaiste a tharláíonn sna Stáit Aontaithe i gcónaí. Tugaim an t-ainm ‘danbrowneachas’ ar theoiricí comhcheilge mar sin, agus ní bhíonn morán suime agam aon aitheantas a thabhairt dóibh. Ach é sin ráite, tá rud éigin go hiomlán difrúil i gcás 911 os rud é go bhfuil daoine ardcháile den tuairim go raibh an CIA agus Mossad taobh thiar de na hionsaithe.


Cuir i gcás, Francesco Cossiga, Iar-uachtarán na hIodáile agus ollamh le dlí san Ollscoil Sassari. Fear measúil, stuama é Cossiga agus tá sé ina saineolaí faoi cheisteanna a bhaineann le cúrsaí slándála. Dúirt sé le Corriera della Sera cúpla blain ó shin go riabh sé soléir dó agus dón seirbhís rúnda na hIodáile go bhfuil an CIA agus Mossad ciontach as an sceimhlitheoireacht sa Nua Eabhrac. Níl aon dabht faoi sin dár leis. Dúirt Cossiga go raibh na hionsaithe pleanáilte chun casus belli a fháil don chogadh san Afganistáin agus Iáráic. Tá alán taithí ag Cossiga leis an CIA. Bhí siad an-ghníomhach san Iodáil le linn an Chogaidh Fhuair san oibriú Gladio. Ba í sceimhlitheoireacht státurraithe nó, sceimlitheoireacht na brataí bréagaigh a bhí i gceist ansin. Ba é Cossiga an chéad duine a labhair amach faoi.

Deireann iar-stiúrthóir na seirbhíse rúnda i bPacastáin Ginerál Hamud Gul an rud ceannan céanna. Ina theanta sin, dúirt sé go raibh an CIA agus Mossad thaobh thiar na hionsaithe sceimhlitheoireachta arís i Mumba le déanaí. Núair a fheiceann tú rudaí mar sin maile le dúrud mór d’ fíricí aisteacha eile a gheofaidh tú san idirlíon, go háiraithe sa U Tube, tosaíonn tú a bheith beaganín buartha!


Ar ndóigh, tá a fhios ag gach éinne go raibh Mossad ag obair sa Nua Eabhrac roimh na hionsaithe agus go raibh réamheolas acu faoi na sceimhlitheoirí. Agus céard faoi na Five Dancing Israelis’ na céad iosraelaigh ag rince? Gabh na póilíní FBI céad Iosraelaigh sa Nua Eabhrac díreach tar éis na hionsaithe de bharr iompair gur mheas siad a bheith ‘aisteach’. De réir an tuairisc, bhí vean plódaithe de phléascáin ullmhaithe acu. Tharla sé ina dhiaidh sin go riabh na céad fir ina bhaill de Mhossad, an tseirbhís rúnda na hIosraele. Mar sin, níor chualamar móran eile faoin scéal. Bhí tuairisc sa Teilifís na Fraince an bhliain seo caite a rá go raibh Mohammad Atta ina bhall de Mhossad, agus arís níor chuala mé aon tuairisc eile faoi ina dhiaidh sin.


Is fíor go bhfuil a lán ceisteanna le freagairt fós faoi 911 ach bheadh sé saonta an iomarca aitheantais a thabhairt don theoiric chomhcheilge sin. Ba choir féachaint ar gach taobh den scéal. Má fhéachann tú ar roinnt físeanna sa U Tube, cur i gcás, feicfidh tú fianaise a bhréagnaíonn alán teoiricí comhcheilge. Dúirt Noam Chomsky nach raibh aon fhírinne ins na teoiricí sin. Ach maireann na ceisteanna faoi Mhossad fós. Cén eolas a bhí acu? Cad a bhí á dhéanamh acu sa Nua Eabhrac? Scéal contúirteach agus rúndiamrach gan amhras, scéal a fhágann i mbun machnaimh mé go fóill.

No comments: