Tuesday, August 07, 2007

The rest is silence: Bergman ar shlí na fírinne sa deireadh.


Cúpla sonra faoi shaol agus shaothar an mháistir scannáin


Ar fán is ar fiarán, i mullach na sléibhte, nó i ngreallach cois farraige san oileán iargúlta Faró, chumfadh sé radharcanna faoin domhan taobh amuigh, domhan nach raibh soléir do nuair a bhí sé ina chonaí sa Stockholm; ach eireoidh gach rud níos follasaí dó sa gcuideánachas an oileáin Faro. Níos mó ná aon stúirthóir eile, bhí tionchar ollmhór ag Bergman ar scannáin an domhain. Mar sin, ba lá mairgiúl gruama é nuair a d’éag Ingmar Bergman ar ochtó naoi bliain d’aois cúpla seachtain ó shin. Nuair a saolaíodh Ingmar sa bhliain 1918 bhí galar éin ag leathnú fud fad na hEorpa agus dfhulaing sé féin agus a mháthair ón nglar sin chomh maith. Ba sagart liútarach a hathair, agus bhí atmasphéar caolaigeannta, dian agus garg i dteaghlach an Bhergman. Theastaigh óna athair go mbeadh a chlann ina dhea-shampla go gach clann eile sa mbaile. Bheadh an tionchar sin fite fuite tríd na scannáin go léir nuair a thug sé faoi scannánaíocht tar éis an dara cogadh domhanda. Nuair a bhí sé dhá déag bliain d’aois, chaith sé tamall lena haintín agus fuair sé deis dul go dtí an pictúirlann sa Rasunda, áit inár d’fhéach sé ar scannán don chéad uair. Ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an amharclann. Uair amháin tar éis dráma de August Srindberg- fear a mbeadh a thionchar le féiceáil sna scannáin Bhergman chomh maith- d’éirigh leis dul go dtí cul na stáitse. Chuaigh an taithí sin go mór i bhfeidhm air agus rinne sé omós di ina scannán Fanny agus Alexander . Léigh sé Strindberg, Dostoievski, Balzac, Nietzsche agus le gean do mhná bhí liason orageuse aige le cailín a bhí ina rang ar scoil. I 1934, chuaigh sé don Ghearmán chun a chuid Gearmáinis a fheabhsú agus d’fhan sé ansin le clann a raibh lé mhór acu ar pholaitaíocht Hitler. Bhí Hitlerachas an-láidir I Sualainn ag an am chomh maith, agus thosaigh a dheartháir an páirtí naizíoch sa tír. Ach bhí Bergman lán i gcoinne an chiníochais sin. Nuair a thosaigh sé a léinn acadúil san ollscoil i Scockholm i 1937, áit inar bhain sé céim i stair agus litríocht, chur sé roinnt píosaí drámaíochta i láthair de Srindberg agus Shakespeare. Bhí troid aige lena chlann ag an am sin mar gheall ar chaidreamh a bhí aige le aisteoir. Bhí sé in ann fanacht i mbaile nuair a bhrís an cogadh amach i 1939 de bharr galar broinn. Ach ar feadh an chogaidh, scríobh sé roinnt drámaí. Ag an am sin, bhí tionchar de scannáin fhrancach , stúirthóirí mar Jean Renoir agus Marcel Carné le feiceáil ina chuid saothair.


Chruthaigh Bergman genre áirithe a n-oibreoidh sé arís is arís ar feadh a shaoil. Tá sé deacair cur síos a chur ar an stíl sin, áfach. Féiceann muid i dtólamh cineál drámaíocht inmheánach, cinéal rúille búille intleachtúil agus tógann sé muid uaireanta go dtí domhan eile, ach i gconaí bíonn gnáthmhothúcháin an duine daonna i gceist aige. Bhí stíl scannáníochta ar leith aige; cosúil le drámaíocht Beckett, ritheann na radharcanna an-mhall agus téann an dolás, an sprocht, an t-éadóchas doreascartha i bhfeidhm ort. Ag caint faoina saothair uair amháin dúirt sé


‘is miniú iad mó scannáin faoi mó híomhánna’


Bhí innúileacht ar leith ag Bergmann chomh maith ar chur síos a dhéanamh ar mhothúchán agus phearsantacht an linbh, rud nár chonachas sna scannáin roimhe sin, go háirithe an chaoi ina thaispeánean sé an draíocht agus diabhar an linbh, rud atá tharr a bheith deacair a dhéanámh os comhair an cheamera.


Dúirt an stúirthóír francach André Techiné:


‘ l’opacité et la lumière clignotante de l’enfance n’avaient jamais été portés à l’écran avant lui. Il est le premier à avoir su donner à des enfants de personnages qui trimbalent avec eux, intact, le poids de charme et de mystère qu’il est si difficile de retrouver devant une caméra’



D’oibrigh Bergman go dtí deireadh a shaoil agus i measc na scannáin cháiliúil cosúil le Samhradh le Monika(1952)‘Seventh Seal(1956), Persona(1966), Súnna fiáin(1957), An Tost(1963) chur an scannán Solas an Gheimhridh i bhfeidhm orm; scannán eisíoch faoi shagart a chaillaíonn a cheideamh is ea é agus leiríonn sé an an t-eadóchas a bhraith daoine san Eoraip tar éis an dara cogadh domhanda. Is féidir a rá nár thig aon scannánóir riamh níos fearr ná Bergman coinníoll an duine daonna: pian leanúnach an domhain agus marbhchiúnas dobhriste na spéire.


Ar fán is ar fiarán- wandering and discontented


Iargúlta- isolated


Cuideánachas-loneliness, isolation


Gruama- gloomy


Doreascartha-inexpungable


Caolaigeannta- narrow-minded


Caidreamh- relationship


Ciníochas-racism


Gnáthmhothúcháin- ordinary emotions


Tionchar- influence


Diabhar-mysterious


Eisíoch-existential

marbhchiúnas dobhriste- obmutescence, extreme unbroken silence.

No comments: