Sunday, April 01, 2007

Téamh domhanda agus comhchruinneán beatha traochta


Humans on the Earth behave in some ways like a pathogenic organism or like the cells of a tumor or neoplasm. We have grown in numbers and disturbance to Gaia, to the point where our presence is perceptibly disturbing….the human species is now so numerous as to constitute a serious planetary malady. Gaia is suffering from Disseminated Primatemaia, a plague of people.’ James Lovelock


'....die vollends aufgeklaerte Erde strahlt im Zeichen triumphalen Unheils' Adorno/Horkheimer

Le blianta fada dúradh go raibh téamh domhanda ag tarlú ach níor thugadar morán aire do.D’athródh an domhan beaganín ach dealraigh sé nach raibh cúis a bheith imníoch. Bhí sé de nós ag alán daoine fonóid a dhéanamh faoin gComhaontas Glas agus trodairí timpeallachta eile agus iad i mbun feachtais chun ár meabhraíocht a ardú fá dtaobh de. Is léir anois go bhfuil cursaí i bhfad níos measa ná shíleamar deich mbliain ó shin. I bhfírinne, tá sé truabhéalach go bhfuilimid ag iarraidh srian a chur ar an bpróiseas anois agus léiríonn sé cé chomh diongbháilte is a táimid chun ár mhaireann ar an mbith a shábháil. Ní féidir a shéanadh a thuilleadh go bhfuil géarchéim phráinneach i gceist anseo, agus is ceann de na teamaí é atá ag cur eagla ar na Stáit Aontaithe anois, tír atá ag fullaingt arís ó tornadaí agus stoirmeacha millteanacha.



Ach an bhfuil sé ró-dhéanach anois chun an damáiste a laghdú? Tá saineaolaithe fós á rá go féidir linn an phróiseas a athrú chun cobhsaíocht aimsire a chur i bhfeidhm. Go deimhin, beidh alán impleachtaí taidhleorachta, eacnamaíochta agus polaitiúila i gceist anseo. Conas a chuirfidh siad in iúl do na tíortha neamhfhorbartha a bhfuil ag brath ar ola chun a ngeilleagar a fhorbairt, go gcaithfidh siad bealaí eile a aimsiú?



Nuair a fhéachann tú ar chás na Braisíle, tá sé follasach ó fada an lá nach bhfuil an rialtas ag coinnéal srian orthu siúd atá ag leanúint ar aghaidh le defhoraisiú os rud é go bhfuil daoine fós in san rialtas a dhéanann brabús as na tairgí soy bean sa reígún. Beidh i bhfad níos mó brú á chur ar tíortha mar sin as seo amach agus beidh athruithe suntasacha de dhíth ar fud an domhain.
Ach an rud nádúrtha é go bhfuil a leithéid ag tarlú? Os rud é go bhfuil daonra domhanda ag fás an t-am ar fad, d’fheadfadh a áiteamh nach bhfuil i gceist anseo ach céim eile san éabhlóid an duine daonna. Tá homo rapiens ag éirí ró-mhór don domhan. Sa chaoi sin d’fheadfá a rá go bhfuil sé nádúrtha go leor. Tá an iomarca daoine ar an domhan agus déanann an duine daonna níos mó dochar don bplainéid ná aon aimhní eile.



Ar ndóigh, brisfidh cogaí agus gorta amach de bharr easpa achmhainne chomh maith. Agus b’fhéidir nach mhairfidh gach sibhialtacht nua i bhfhad a thogadh le déanaí de bharr brabúis ola, cathracha cosúil le Dubaí mar shampla. Ach is féidir an fhadhb a fhéiceáil go soléir má fhéachann muid ar na staitisticí daonna amháin. Fiú ma ghlacann muid go mbeidh laghdú breithe as seo amach de bharr ghnéithe sóisialacha agus méadú de ráta báis mar gheall ar ghorta, bhreoiteacht agus chinedhíothú, ardóidh daonra de 6 millúin duine go dtí 7 nó 8 million i mbliain 2050. I lár na fichiú haoise scríobh na fealsaí gearmánacha Theodor Adorno agus Max Horkheimer ina leabhar cáiliúil darb ainm ‘ Dialectik der Aufklaerung’,

seit je hat Auflaerung im umfassendsten Sinn fortschreitenden Denkens das Ziel verfolgt, von den Menschen die Furcht zu nehmen und sie als Herren einzusetzen.Aber die vollends aufgeklaerte Erde strahlt im Zeichen triumphalen Unheils

‘Ba ea an aidhm a bhí ag léargas de shíoraí sa chaill is coitinne de smaointeachas forbatha, ná fáil réidh le heagla agus an duine a chur dul chun cinn mar mháistir. Ach is léir go bhfuil an domhan léirithe go hiomlán ag taispéaint comharthaí caithréimeacha de thubaiste.’

Bheadh sé doiligh argóint a dhéanamh anois ar son leargais toisc go bhfuil an chinéal réasúin sin fons et origo de thubaiste ollmhór atá ag tarlú timpeall orainn. Tá na saineolaithe ag maíomh go féidir linn stop a chur ar theas domhanda más thig linn symbiosis cobhsaíoch a chothú sa chomhchruinneán beatha, ach ní éireoidh muid a leithéid a chur i gcrích muna n-athrófar inneal an domhain, caipitleachas liobrálach. Ach faraor, níl sé sin ag tarlú.
Gluais
Meabhraíocht- consciousness
Truabhéalach- pathetic
Géarchéim- crisis
Diongbháilte- determined
Brabús- profit
Saineolaithe- experts
chomhchruinneán beatha- biosphere.
Tubaiste- catastrophe

No comments: