Friday, August 11, 2006

Scaoiligí bhur gcriosanna, fáilte roimh Defastena Kunst Republik!



Scaoiligí bhur gcriosanna, fáilte roimh Defastena Kunst Republik!

Life acquires a meaning then and only then when the soul enters the possibility of new art- David Burliuk.

Cén sólás a fhaighimid sna laethanta gruama seo, sa tsochaí neamhchiallmhar, fhilistíneach? Cén inspioráid, cén fuinneamh folaigh is féidir linn a tharraingt as an snámhraic agus muirchur íomhánna a chuirtear os ár gcomhair? Cad é an baraiméadar is cuí chun an Zeitgeist a mheá? Is stair na ngluaiseachtaí í stair ealaíne an fichiú haois. Ó fhoilsigh Kasimir Malevitch a fhorógra i 1912 ag seoladh gluaiseacht nua darbh ainm ‘Ardcheannasachas’(Suprematism) ina gceilfí domhan gan chuspóir, ‘die gegenstandlose welt’ mar a thug sé air, bhí níos mó smaointeachais fhealsúnaigh ag baint le haestéitic ná riamh roimhe sin. An rud is tábhachtaí a bhaineann leis an treoir fhísiúil nua seo, na nithe a chruthú seachas rudaí aitheanta ar bhonn laethúil a léiriú. Spreag na healaíontóirí nua sinn dul ag spaisteoireacht sa phictiúr gan ceisteanna a ardú faoin mbrí nó faoin smaoineamh bunúsach a bheas taobh thiar de. Bhíothas á lorg taithí aestéiticúil ghlan cosúil le ceol. Do Wasily Kandinsky bhí coinníollachas an cheoil axíomach dá thionscnamh ealaíonta. Thug sé ainmneacha ceolmhara ar a phictiúir mar ‘ceapadóireacht’ agus ‘cumadóireacht’ agus mar sin de. Scríobh sé leabhar chomh maith darb ainm ‘Uber Das Geistliche In Der Kunst’ ina léirigh sé an aestéitic nua. Leag Paul Klee béim ar thábhacht na healaíne neamhurchóidí, soineantacht na leanaí ina chuid saothar. Le chéile, d’fhógair na healaíontóirí siúd ré nua aestéiticúil a mhairfeadh mutatis mutandi go dtí an lá atá inniu ann.

Tar éis an iliomad gluaiseachtaí ealaíonta, d’fhéadfaí a áiteamh, b’fhéidir, nach bhfuil mórán bealaí fágtha dúinn a bheith réabhlóideach nó nuálach inár gcúid iarrachtaí ealaíonta. Cén cineál ealaíne atá fóirsteanach don epoch seo? Lean formhór na ngluaiseachtaí i dtreo teibíochta agus insealbhaithe ó 1945 go dtí an lá atá inniu ann le eispriseanachas teibí (abstract expressionism), ealaín theibí go healaín choincheapúil, ealaín pop agus ealíon ghníomhach. Baineann formhór na ngluaiseachtaí siúd le Mór-Roinn na hEorpa, áfach. Seachas ‘the wild stag group’ ní raibh mórán fealsúnachta nuálaí ag teacht as Éirinn. Ach b’fhéidir go bhfuil sin ag athrú faoi láthair, b’fhéidir go bhfuil ár nóiméad stairiúil tar éis teacht sa deireadh.

Tá gluaiseacht nua d’ealaíontóirí ag obair go díograiseach i mBaile Átha Cliath faoi láthair darb anim ‘Defastenists’. Chuardaigh mé De Bhaldraithe le haghaidh istriúcháin chuí don téarma sin, ach níor éirigh liom. Ba chóir nuafhocal eile a chruthú i nGaeilge. Tá cosúlachtaí idir na defastenists agus gluaiseachtaí eile mar Cobra agus Futurismo, agus go háirithe Dada. Tá Kurt Schwitters an-tábhachtach do Gary Farrelly agus Ben Mullin, a bhunaigh an ghluaiseacht seo nuair a phléigh siad a dtreoracha ealaíonta i mí na Samhna 2002. Is í an fhealsúnacht taobh thiar de ná crios a scaoileadh go meafarach agus saoirse a ligean d’fheitisí agus do ghnáthsheilbh. Tá siad ag iarradh an intinn a scaoileadh ó na hualaí amaideacha a chuirtear ar dhaoine sa tsochaí chomhaimseartha. Tá siad tar éis bonneagar riaracháin a chruthú chomh maith le Cabaret agus imeachtaí éagsúla. Ghlac Farrelly an teideal Kunstfuhrer agus bhunaigh siad an DKR, Defastenist Kunst Republik. Anois, tá ‘ambasáidí’ thar lear chomh maith le Cristoph Kronke i mBeirlín. I mí Feabhra 2005, bhí taispeántas acu i Prenzlaurberg i mBeirlín agus bhí taispeántas de shaothair Gary Farrelly i mBarra an Teampaill dar teideal ‘Saddam International Airport’. Tá saothar Farrelly lán de thagairtí a bhaineann le haerphoirt agus córas iompair, metro agus eitleáin. Feidhmíonn an córas iompair mar leitmotif agus meafar de shaoirse agus d’fhéidearthachtaí. Ar bhealach, d’fhéadfaí a rá go bhfuil meascán de smaointe ó ghrúpaí ealaíonta éagsúla san fichiú haois anseo. Cineál ‘Remodernism’ no athnuálachas atá i gceist. Cruthaíonn sé pictiúir i bhfoirm mapaí sous-talamhaí, cineál taipéisí a chéiliúrann an nua-aois ina ngluaiseann daoine fud fad an domhain. Tá macallaí de Futurismo anseo, de Boccioni agus Depero, agus d’ealaíontóirí de Cobra, b’fhéidir Pierre Alechinski. Is léir go bhfuil gnáthsheilbh theangeolaíoch ag Farrelly. Cruthaíonn sé ainmneacha coimhthíocha dá stáisiúin samhalta i roinnt pictiúr atá suimiúil mar gheall ar a fhuaim. Ach cruthaíonn siad fadbhanna aestéiticiúla freisin sa chaoi go gcuardaíonn tú brí éigin nuair a léann tú iad nach bhfaigheann tú sa chomhthéacs nua. Dá bhrí sin, léiríonn siad teoiric de Wittgenstein go n-oibríonn focail mar threalamh san imeartas teanga, ‘Sprachspiel’ mar a thug sé air. Sa Defastenist Manifesto, léiríonn siad a ndóchas don todhchaí
‘The Detastenists see the current cultural apparatus, as being obsolete. The musea, the commercial galleries, the cynical critics and the dull minded curators: These are the cultural paralysis of the end of the last century. This is the turn of a new century, a time of excitement and vitality and bohemian fun are necessary to shape the aesthetic of the epoch. Defastenist artists, curators, periodicals, expositions, cabarets and enthusiasm shall be the light that revives excitement and energy to art and to life’

Is í an fhealsúnacht atá taobh thiar de ná crios a scaoileadh go meafarach agus saoirse a ligean do d’fheitisí agus do ghnáthsheilbh


Sílim go bhfuil mo dhearcadh féin beagáinín ró-dhubh agus donn chun aontú leis an mbunsmaoineamh dearfach sin. Ach, é sin ráite, táim báúil don tionscnamh seo sa chaoi a leagann sé amach treoir aestéiticúil chun dul i ngleic le castacht an Zeitgeist ina mairimid faoi láthair. Má theastaíonn uait breis eolais a fháil faoi na Defastenists, gabh chuig an suíomh Gréasáin seo: www.defastenism.4t.com.



Sólás - consolation
fuinneamh folaigh - latent spirit
snámhraic agus muirchur -flotsam and jetsam
íomhánna - images
smaointeachas fealsúnach - philosophical thinking
treoir fhísúil nua - new visual direction
taithí aestéiticúil ghlan - pure aesthetic experience
teibíocht agus insealbhú - abstraction and installation
gluaiseachtaí - movements
crios a scaoileadh go meafarach - unfasten a seatbelt metaphorically
gnáthsheilbh - obsession
go díograiseach - enthusiastically
samhalta - imagined
báúil - sympathetic
castacht - complexity

No comments: