Bhuail mé an bóthair le diograis aréir. Bhí mé ar mó bhealach go Baile Átha Cliath chun freastal ar an gceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta de John Adams, duine de na mór-chumadóirí na linne. Ach le meascán de bhrú an tsaoil, agus siléig ba chóir a adhmháil, níor shroich mé lár na cathrach go dtí 8 a chloig. Ba mhór agus géarchúiseach mó dhíomá is mé ag iarraidh mó ghluaisteán a locadh agus Bernhad Clarke, an díograiseoir par excellence i ndomhan ceoil ag tosnú an cheolchoirm a chraoladh beo ar Lyric FM. D’fhan mé cúpla nóiméad agus bhí me curtha faoi dhraíocht ón gcéad nóta de chuid a shaothar Lollapollousa. Ní raibh mé ró-eolasach faoin gceol siúd roimhe sin seachas corshliocht a cloisfinn ó am go chéile sa chlár Nova I Lyric FM. D’oscail sé le dráma agus fuinneamh agus bhí sé soléir go rachfainn i bhfad siar i mó shamhlaíocht agus chéadfa dá n-éistfinn leis go deireadh. Ach le turas fada i mo dhiaidh is mé cúpla kiloméadar ón gCeoláras le déanamh, chinn mé ar iarracht a dhéanamh ar a laghad chun teacht isteach ar chúl.
Bhí an t-ádh liom agus mé ag teacht isteach ar an príomhdhoras an fhoirgnimh.Shúil mé díreach chuig an fháilteoir. ‘ An bhfuil ticéad curtha in áirithe agat a dhuine uaisle’ a deir sí ‘níl’, deirim,’ ach is dócha go bhfuil ticéad ar mo chara istigh dom’. D’fhéach sí go neamhchúiseach orm agus thug sí ticéad dom saor in aisce cé nach raibh m’ainm ar aon liosta. Bhí an píosa fós ar siúl nuair a fuair me mó shuíochán ar chúl na hamharclainne ach d’éisc mé go hiomlán lena dara chuid darb ainm Harmonienlehre. Is tagairt do Arnold Schoenberg é an saothar seo inar ndéanann Adams iarracht an lámh in uachtar a fháil ar Schoenberg le cinéal harmonia a chruthú lena theanga cheoil thagarthach féin. Ba ea ‘minimalism’ an t-ainm a thugtar ar an gceol de chuid Adams cosúil le Philip Glass Steve Reich, ach i bhfírinne, tá a cheol i bhfad níos suimúila ná a chomhghleacaithe súid. Agus sa Harmonienlehre taispeáineann Adams cen fáth nach dtaitníonn na nótaí lom míbhinn de Schoenberg le mórchuid na n-éisteoirí. Éiríonn leis chomh maith, an ‘Lehre’ a thabhairt do Schoeberg faoi chumadóireacht. Cruthaíonn Adams téagar ilshraitheach lán de hathruithe túin agus éiríonn leis bríomhaireacht a fháil a chuireann Mahler agus Wagner in iúl ina mhothúcháin agus Stravinsky sa chaoi inar gcruthaíonn sé teannas agus claochchlú fuaime. Léiríonn sé sa phíosa seo chomh maith nach bhfuil ‘minimalism’ cúi don chinéal ceoil atá i gceist anseo. Fuair Adams inspioráid don chéad ghluaiseacht sa bhroinglóid inár shamhlaigh sé gluaisteán ag teacht aniar ón bhfarraige de chuan San Francisco go dtí an spéir. Ta tagairtí do Parsifal de Wagner chomh maith agus tá an ceol tagarthach agus lán de bhríomhaireacht shaibhir an t-am ar fad. Críochnaíonn an saothar leis an ngluaiseacht darb ainm ‘Meister Eckhardt and the Quackie’ agus tagann na nótaí éagsúla go dtí pointe lárnach ag dul timpeall an eochair E Mín. Níl aon focail eile don saothar seo ach magnum opus agus ba ocáid speisíalta í seo a d’fhanfaidh I bhfad I mo chuimhne agus toisc go bhfuil airgead fágtha dom, beidh oíche eile san Cheoláras Náisiúnta sar i bhfad.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment